Aontú
Is páirtí polaitíochta in Éirinn é Aontú. Is é Peadar Tóibín ceannaire an pháirtí. .
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | Aon ![]() |
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas sóisialach Poblachtánachas in Éirinn coimeádachas sóisialta Éire Aontaithe ![]() |
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár ![]() |
Foirm dlí | |
Scartha ó | Sinn Féin ![]() |
Dáta a bunaíodh | 28 Eanáir 2019 |
Rialachas corparáideach | |
Uachtaránacht | Peadar Tóibín (2019–) ![]() |
Eile | |
Dath | ![]() |
Suíomh gréasáin | aontu.ie ![]() |
![]() ![]() ![]() |
'Saol, Saoirse agus Cothrom Eacnamaíochta' an rosc catha atá acu.
Ar bhonn idé-eolaíoch de, tá Aontú i gcoinne an ghinmhillte agus nascann an páirtí gnéithe den choimeádachas sóisialta le habhcóideacht ar son Éire aontaithe agus eacnamaíocht ar chlé ón lár.
Stair
Ba é Peadar Tóibín, TD a bhunaigh an páirtí a d’éirigh as Sinn Féin ar 15 Samhain 2018 [1] mar gheall ar a thuairimí frith-ghinmhillte tar éis dó cur i gcoinne aoire an pháirtí ar 'An Bille Sláinte (FoirceannadhToirchis a Rialáil), 2018 (Bille 105 de 2018)'[2].
Thosaigh sé ag canbhasáil ionadaithe tofa, ag fáil tacaíochta laistigh de sheachtain ó bheirt chomhairleoir áitiúil sa Phoblacht.[3]. Bhí cruinnithe ag Tóibín ar fud an oileáin chun labhairt le baill a d’fhéadfadh suim a bheith acu. D'fhág chomhairleoir áitiúil i dTuaisceart Éireann an PSDLO agus chuaigh le hAontú an 7 Eanáir 2019.[4] Tháinig an dara comhairleoir ó Thuaisceart Éireann isteach ar an 26 Feabhra 2019.[5]
Tagairtí
- "Peadar Tóibín announces resignation from Sinn Féin". .
- An tAcht Sláinte (FoirceannadhToirchis a Rialáil), 2018.
- Tóibín signs up two members to his new 'Euro-critical party' which aims to protect 'all human life.'.
- Co Tyrone councillor Rosemarie Shields defects from SDLP to Peadar Tóibín's new party
- Sinn Fein has lost contact with the grassroots says Lennon as he joins new republican party.