Aonghas mac Eirc
Ball den Dál Riada ab ea Aonghas Mór mac Eirc (Sean-Ghaeilge Óengus), deartháir Fhearghasa Mhóir. Deirtear go raibh beirt mhac ag Aonghas, Nadsluaig agus Fergna.

Cineál Aonghasa
Dream na luathmeánaoise ab ea Cineál Aonghasa (Cenél nÓengusa), a bhí i gceannas ar Oileán Ìle, agus b'fhéidir Colbhasa in aice láimhe, amach ó chósta thiar na hAlban.
Deirtear i Seanchas Fear Alban, daonáireamh agus ginealach ríocht an Dáil Riada, gur cheann de thrí dhream é Cineál Aonghasa a bhí mar bhall de ríocht Earra Gael, agus na cinn eile ná Cineál Gabhráin as Ceann Tíre agus Cineál Loairn as Lorn. Scar ceathrú dream Cineál Comhghaill, níos deireanaí ó Chineál Gabhráin.
Is beagnach cinnte é gur cumadóireacht é ginealach an Chineáil inste sa Seanchas. Is é Cineál Aonghasa an t-aon dream amháin gan rí stairiúil le fáil dóibh i nAnnála na hÉireann.

Foinsí
- Fraser, James E. (2009). "From Caledonia to Pictland: Scotland to 795" 1. Dún Éadain: Edinburgh University Press.
- Anderson, Marjorie Ogilvie (1980). "Kings and Kingship in Early Scotland". Dún Éadain: Scottish Academic Press.
- Bannerman, John (1974). "Studies in the History of Dalriada". Dún Éadain: Scottish Academic Press.
Tagairtí
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |