Antonie van Leeuwenhoek
Ba cheardaí agus eolai Ísiltíreach é Antonie Philips van Leeuwenhoek (24 Deireadh Fómhair 1632 - 26 Lúnasa 1723) ó Dhelft, An Ísiltír. Tugtar "Athair na Micribhitheolaíochta" air, nó an chéad mhicribhitheolaí agus mhicreascópaí.[1]
Ainm sa teanga dhúchais | (nl) Antoni van Leeuwenhoek |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 24 Deireadh Fómhair 1632 Delft (Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe) |
Bás | 26 Lúnasa 1723 90 bliana d'aois Delft (Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe) |
Áit adhlactha | Oude Kerk |
Chamberkeeper (en) | |
1660 – 1699 | |
Áit chónaithe | an Ísiltír |
Teanga dhúchais | an Ollainnis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Micreascópacht agus micribhitheolaíocht |
Suíomh oibre | Delft (1654–1723) Amstardam (1648–1648) |
Gairm | wine measurer (en) (1673–1673), suirbhéir talún (1669–1669), cuntasóir (1648–1648), cisteoir (1648–1648), micribhitheolaí, déantóir uirlisí, ceannaí, fisiceoir, bitheolaí |
Ball de | An Cumann Ríoga (1680–) |
Faoi thionchar | |
Teangacha | An Ollainnis |
Teaghlach | |
Céile | Barbara de Mey (1654–) Cornelia Swalmius (1671–) |
Athair | Philips Antonisz. van Leeuwenhoek agus Margaretha Bel van der Berch |
Gradam a fuarthas | |
Síniú | |
Rinne van Leeuwenhoek lionsaí cumasacha is micreascóip shimplí. Leis na huirlisí seo, chonaic sé prótasóin ar bhaictéir is speirmeatasóin den chéad uair ar domhan.[2] Rinne sé cur síos iomlán den chéad uair ar chealla dearga na fola (na heirítricítí).[2]
Saothar
Rinne van Leeuwenhoek micreascóip shimplí. Leis na huirlisí seo, chonaic sé prótasóin is speirmeatasóin den chéad uair ar domhan (snáithíní matáin, baictéir, agus speirm).
Rinne van Leeuwenhoek cur síos iomlán den chéad uair ar chealla dearga na fola (na heirítricítí agus imshruthú na fola i ribeadáin (fuileadáin beaga)).Tá aithne air as a chuid oibre ar an mhicreascóp agus le haghaidh a chuid ranníocaíochtaí i leith na micribhitheolaíochta a bhunú.
Ag baint úsáide as a mhicreascóp lámhdhéanta, ba é an chéad duine a rinne cur síos ar mhiocrorgánaigh aoncheallacha, ar dtús mar 'animalcules', dá ngairtear 'miocrorgánaigh' anois.
Ní raibh Van Leeuwenhoek ina údar ar aon leabhair riamh, ach scríobh sé go leor litreacha.
Féach freisin
Tagairtí
- Alexander, Lori, Mildenberger, Vivien (2019). "All in a drop how Antony van Leeuwenhoek discovered an invisible world". 1lib.domains. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-26. Dáta rochtana: 2021-08-26.
- Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.