Anraí IV na Fraince
Bhí Anraí IV (13 Nollaig 1553 - 14 Bealtaine 1610) ina rí ar an bhFrainc ó 2 Lúnasa 1589 go dtí 14 Bealtaine 1610, nuair a feallmharaíodh é. Ba é an rí ar éirigh leis deireadh a chuir leis na cogaí reiligiúnacha sa Fhrainc, chomh maith le deireadh a chur leis an ngéarchéim chomharbais a bhí ar siúl, nuair a thiontaigh sé ina Chaitliceach le teacht i gcoróin.

Chuir sé Forógra Nantes i bhfeidhm sa bhliain 1598, rud a bhronn saoirse reiligiúnach áirithe ar Phrotastúnaigh na Fraince agus a réitigh ceist an chreidimh sa Fhrainc ar feadh tamall áirithe.

Ginealach
Ba é an chéad rí de shliocht Bourbon agus bhí a shliocht ina ríthe ar an bhFrainc go leanúnach go dtí Réabhlóid na Fraince.
Feallmharú
Ar 14 Bealtaitne 1610 fuair Anraí IV bás de bharr a sháite; d’ionsaigh díograiseoir creidimh, Caitliceach fanaiceach, é.
Féach freisin
- Forógra Nantes
Naisc sheachtracha
- An pictiúir "Cuairt Bhanríon Shéaba ar Sholamh Rí le Lavinia Fontana". Is cosúil go bhfuil an pictiúr seo bunaithe ar eachtra a thit amach in 1600, tráth a thaistil Diúic Mantua trí Bologna ar a mbealach go dtí bainis i bhFlórans, áit a raibh a mbean ghaoil Maria de’ Medici le pósadh ar anraí IV na Fraince.[1]
Tagairtí
- "Cuairt Bhanríon Shéaba ar Sholamh Rí le Lavinia Fontana" (ga). National Gallery of Ireland. Dáta rochtana: 2021-05-14.
![]() | Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |