Anna Heussaff

Scríbhneoir Éireannach is ea Anna Heusaff, a rugadh sa bhliain 1957.

Infotaula de personaAnna Heussaff

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1957
66/67 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Saol

Is Bleá Cliathach í Heussaff. Conallach ba ea a máthair agus Briotánach ba ea a hathair, a raibh Briotáinis aige ón gcliabhán.[1] D'fhreastail sí ar Scoil Mhuire agus ar Scoil Chaitríona. Ansin ghnóthaigh sí BA sa Ghaeilge agus sa Stair, agus MA sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, BÁC, agus Ard-Teastas san Oideachas i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Chaith sí tréimhsí ag obair le daoine gan dídean sa Bhreatain agus ansin ag obair le RTÉ. Tá sí ag obair mar scríbhneoir ó 2002 i leith. D'éírigh go maith lena húrscéalta agus tá mórdhuaiseanna bainte amach aici i gComórtais Liteartha an Oireachtais.

Simon Brooke ab ainm dá fear céile, a cailleadh sa bhliain 2019. Conall is ainm dá mac.

Saothar

Úrscéalta

  • Sárú (Cló Iar-Chonnacht, 2017)
  • Scáil an Phríosúin (Cló Iar-Chonnacht, 2015)
  • Hóng (Cló Iar-Chonnacht, 2012)
  • Buille Marfach (Cló Iar-Chonnacht, 2010)
  • Cúpla Focal (Cois Life, 2007)
  • Vortex (Cois Life, 2006)
  • Bás Tobann, (Baile Átha Cliath: Cois Life, 2004)

Staidéar acadúil

  • Filí agus Cléir san Ochtú hAois Déag (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar, 1992)

Eile

  • Deadly Intent (Severn House 2014), aistriúchán a rinne Heussaff ar a húrscéal féin Buille Marfach faoin ainm cleite Anna Sweeney.
  • Leabhar Mór an Cheoil (Futa Fata, Dorling Kindersley 2011), aistriúchán ó Bhéarla ar leabhar tagartha do léitheoirí óga.
  • Leabhar Mór na hEalaíne (Futa Fata, Dorling Kindersley 2010), aistriúchán ó Bhéarla ar leabhar tagartha do léitheoirí óga.
  • The Irish for Multicultural aiste sa chnuasach Who Needs Irish?, Ciarán Mac Murchaidh, eag. (Veritas, 2004)

Tagairtí

Naisc sheachtracha

This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.