Andrew Wyeth
Péintéir réalaíoch Meiriceánach ab ea Andrew Newell Wyeth (12 Iúil 1917 – 16 Eanáir 2009). Bhí sé ar na péintéirí Meiriceánacha ba mhó clú san 20ú haois. Chleacht sé stíl réalaíoch régiúnach. Rugadh Wyeth in Chadds Ford, Pennsylvania. Thabhaigh an pictiúr úd Christina's World clú faoi leith dó. Péintéireacht theampara atá ann a rinne sé sa bhliain 1948, nuair a bhí sé bliain is 30 d'aois.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 12 Iúil 1917 Chadds Ford, Pennsylvania |
Bás | 16 Eanáir 2009 91 bliana d'aois Chadds Ford, Pennsylvania |
Siocair bháis | Galar |
Faisnéis phearsanta | |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Péintéireacht |
Suíomh oibre | Maine Port Clyde (en) Pennsylvania Chadds Ford |
Gairm | péintéir, scríbhneoir |
Ball de | |
Seánra | Portráidiú, ealaín tírdhreacha agus péintéireacht seánra |
Gluaiseacht | Réalachas |
Mac/iníon léinn de chuid | Newell Convers Wyeth |
Ainm cleite | Wyeth, Andrew (Andrew Newell) |
Teangacha | Béarla |
Gníomhaire | Artists Rights Society |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Betsy James Wyeth |
Páiste | Jamie Wyeth |
Athair | Newell Convers Wyeth agus Caroline Brenneman Brockius |
Siblín | Carolyn Wyeth |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | andrewwyeth.com |
Beathaisnéis
Rugadh Andrew Wyeth do N.C. (Newell Convers) Wyeth (1882–1945), maisitheoir agus ealaíontóir, agus do Carolyn Brockius. An duine ab óige de chúigear ab ea Andrew. De bharr fadhbanna sláinte, bhain a thuismitheoirí den bhunscoil é agus chuaigh siad féin i gceann a chuid oideachais. Rinne N.C. iarracht an tallann a bhí ag gach duine de na páistí a chothú agus chaith sé tamall ag siúlóid leo, duine ina dhuine, ag taispeánt dóibh an dúlra thart timpeall orthu. Mar ealaíontóir aitheanta bhí N.C. ábalta an ealaín a mhúineadh d'Andrew, go háirithe ealaín an tírdhreacha. Chuaigh saothair an phéintéara úd Winslow Homer go mór i bhfeidhm air.
Naisc sheachtracha
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |