An tUltach
B'é An tUltach iris oifigiúil Chomhaltais Uladh. Bunaíodh an iris sa bhliain 1924. B'é An tUltach an iris is sine atá ann as Gaeilge ag bpointe amháin.
Cineál | irisleabhar |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 1924 |
Tréith | |
Príomhábhar | Litríocht na hÉireann |
Foilsitheoir | Conradh na Gaeilge |
Suíomh | antultach.wordpress.com |
Foilsíodh an t-eagrán deiridh de An tUltach mí Aibreáin sa bhliain 2018.[1]
Scéim cham chun airgead a shaothrú atá ar shuíomh idirlín na hirise[2] i láthair na huaire (2020). Is féidir síntiús a ghlacadh léi inniu ach níl an cartlann ar fáil. Ach bhí deontas thart ar £30,000 faighte ag na feidhmeannaigh leis an saibhreas millteanach atá carntha thar chéad bliain a chur ar fáil go digiteach don phobal.[3]
Stair
Bunaíodh An tUltach sa mbliain 1924 agus foilsíodh ar bhonn míosúil é ó shin. Bhí sé ar cheann de na hirisí is rathúla i saol na Gaeilge agus cé is moite de An Timire ba í an iris is faide i gcló. Bhí maoiniú rialta á fháil ag an iris ó Fhoras na Gaeilge go dtí go ndearnadh athstruchtúrú ar an múnla maoinithe d’fhoilseacháin Ghaeilge in 2013.
Ba ag brath ar airgead ó fhoinsí éagsúla a bhí An tUltach ó 2013 go dtí 2018..., Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Conradh na Gaeilge, ranna rialtais Thuaidh agus Theas, fógróirí agus síntiúsóirí ina measc.
Féach freisin
Tagairtí
- Maitiú Ó Coimín. "Deireadh leis an iris ‘An tUltach’" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-03-01.
- "Logáil air" (en-US). An tUltach. Dáta rochtana: 2020-03-01.
- Maitiú Ó Coimín. "Deireadh leis an iris ‘An tUltach’" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-03-01.
Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |