An tSiricis
Canúint de chuid na hAramaise is ea an tSiricis a bhí á labhairt ar fud an Chorráin Mhéith, tráth. Bhí an tSiricis Chlasaiceach á saothrú mar theanga liteartha ón 4ú go dtí an 8ú haois, agus í ina teanga thábhachtach ag na luath-Chríostaithe sa scríbhneoireacht chráifeach agus sna haistriúcháin ar an mBíobla, Chuaigh an tSiricis a fhad leis an India agus le hiarthar na Síne mar theanga Chríostaí. Ghéill an tSiricis don Araibis ón ochtú haois ar aghaidh, ach má ghéill féin, d’fhág sí a lorg ar chaighdeán scríofa na hAraibise. Is í an aibítir a úsáideann an teanga seo ná an aibítir Shiriceach, agus í bunaithe ar an aibítir Aramach.
ܠܫܢܐ ܣܘܪܝܝܐ | |
---|---|
![]() | |
Cineál | teanga, teanga naofa agus teanga stairiúil |
Úsáid | |
Dúchasach do | Şanlıurfa Province (en) ![]() |
Stáit | An Tuirc |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Afra-Áiseacha Teangacha Seimíteacha West Semitic (en) ![]() Central Semitic (en) ![]() Northwest Semitic (en) ![]() An Aramais | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Syriac (en) ![]() ![]() |
Staidéar ag | Syriac studies (en) ![]() |
Cóid | |
ISO 639-2 | syc |
ISO 639-3 | syc |
Glottolog | clas1252 |
Ethnologue | syc |
IETF | syc |
Inniu féin, tá eaglaisí beaga Críostaí san Áise a shaothraíonn an tSiricis mar theanga naofa.
![](../I/Commons-logo.svg.png.webp)
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Siricis.
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.