An tSean-Chlochaois
Is éard é an tSean-Chlochaois nó an Ré Phailéiliteach ná an tréimhse réamhstairiúil de stair an duine, sonraithe ag forbairt bun-uirlisí cloiche, atá aimsithe againn,[1] agus a chlúdaíonn thart ar 99% de thréimhse réamhstair theicneolaíoch an duine. Síneann sí ón úsáid is luaithe d'uirlisí cloiche, is dócha ag homininí: mar shampla Australopithecine, 2.6 milliún bliain ó shin, go dtí deireadh na Pléisticéiní thart ar 10,000 RL. Leanann an Mhéisiliteach an Ré Phailéiliteach. Féadfaidh dáta na teorann Páiléilití-Méisilití a bhéith éagsúil, chomh mór le cúpla míle bliain, in ionaid éagsúla. Sa Sean-Chlochaois a bhí Éire fós faoi bhrait oighir ach iad ag cúlú de réir a chéile. Níl aon fhianaise, áfach, i leith daoine a bheith ag maireachtáil in Éirinn ag an bpointe seo.
| ||
Cineál | ré seandálaíochta tréimhse stairiúil cultúr ![]() | |
---|---|---|
Cuid de | An Chlochaois ![]() | |
Tréimhse | 4 milliún bliain RCh - 13 mílaois "RCh" | |
← luach ar iarraidh
![]() | ||
Le cuid | ||
Tagairtí
- Mód I agus II de chuid Grahame Clark