An tAoire
Tá an tAoire ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha, agus tá sé ar cheann freisin de na 48 réaltbhuíon a bhí ar chatalóg Tholamaes. Aoire bó nó treabhdóir atá ann, ach feictear air freisin mar fhaireoir béar, toisc go bhfuil sé in aice le réaltbhuíonta an Bhéir Mhóir agus an Bhéir Bhig. Tá an ceathrú réalta is gile ar spéir na hoíche, Arcturus, le feiceáil ar an réaltbhuíon seo. Boötes an t-ainm Laidine a thugtar air. (Nod leat gur déirise é an t-idirdhealaitheach ar an dara "ö" san ainm, agus nach umlabht é.)
Ainm Laidine (IAU) | Bootes; Arctophylax |
---|---|
Nod | Boo |
Ginideach Laidine | Bootis, Bootae; Arctophylacis |
Siombalaíocht | Fairtheoir an Bhéir |
Dronairde | 15 h |
Diallas | +30° |
Achar | 907 céim cearnach Céim 13ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 3 |
Réalta is gile | Arcturus (α Boo) (méid −0.04) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −50° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meitheamh an infheictheacht is fearr | |
Ainm eile: Arctophylax |
Príomhghnéithe
- Arcturus: is é seo an réalta is gile de chuid na réaltbhuíne seo; fathach flannbhuí atá ann, agus a thrastomhas 30 uair chomh mór le trastomhas na Gréine. Ar amharcmhéid -0.04, tá Arcturus ar an gceathrú réalta is gile ar spéir na hoíche. Is furasta é a aimsiú mar tá sé suite ar cheann an stua a dhéantar má chuirtear fad le heireaball an Bhéir Mhóir. Tá Arcturus ar cheann de thrí rinn Thriantán an Earraigh, mar a deirtear leis – Spica (α Virginis) agus Denebola (β Leonis) an dá cheann eile.
- ε Boo: is réalta dúbailte é seo, dá ngairtear freisin Izar; réalta flannbhuí is ea an phríomhréalta agus í ar amharcmhéid 2.7; gorm-ghlas an coimhdire agus é ar méid 5.12.
- η Boo: is fo-fhathach buí an réalta seo, dá ngairtear freisin Muphrid; ar aicme speictreach G0 atá sí. Tá an réalta seo ag teacht chun bheith ina fathach dearg. Is déréalta speictreascópach í chomh maith.
- κ Boo: réalta dhúbailte optúil
- μ Boo: réalta dhúbailte
- ξ Boo: déréalta
Réada suntasacha domhainspéire
- Is réaltbhraisle chruinneogach scaoilte í NGC 5466, atá infheicthe trí theileascóp beag. William Herschel a d'aimsigh ar 17 Bealtaine 1784 í.
Stair
Miotaseolaíocht
Réaltaí
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
- 16/α Boo -0.05: Arcturus nó Haris-el-sema
- < αρκτούρος (Gréigis arktouros) = Fairtheoir an Bhéir
- < ? (Araibis al-haris as-sama) = Coimeádaí Neimhe (an t-ainm Araibise ar réaltbhuíon an Aoire)
- 16/α Boo -0.05: Arcturus nó Haris-el-sema
- 42/β Boo 3.49: Nekkar nó Meres
- < mí-athscríobh de بقّار (Araibis baqqār) = Seoltóir Bó
- 42/β Boo 3.49: Nekkar nó Meres
- 27/γ Boo 3.03: Seginus nó Ceginus nó Segin nó Haris
- < Laidin Seginus < (Araibis ?) < (Gréigis Theguius) = ? (an t-ainm Gréigise ar réaltbhuíon an Aoire)
- < ? (Araibis al-haris as-sama) = Coimeádaí Neimhe (an t-ainm Araibise ar réaltbhuíon an Aoire)
- 27/γ Boo 3.03: Seginus nó Ceginus nó Segin nó Haris
- 36/ε Boo 1.76: Izar nó Irza nó Mirak nó Mirac nó Mirach nó Pulcherrima nó Mizar
- < زارإ (Araibis ’izār) = Crios
- < ? al-maraqq ?
- < Laidin pulcherrima = Is Áille
- deréalta: ε¹ 2.35; ε² 2.70
- 36/ε Boo 1.76: Izar nó Irza nó Mirak nó Mirac nó Mirach nó Pulcherrima nó Mizar
- 8/η Boo 2.68: Muphrid
- < مفرد الرامح (Araibis mufrid ar-rāmiħ) = Aonar an Sleádóra
- 8/η Boo 2.68: Muphrid
- 23/θ Boo 4.04: Asellus Primus
- < Laidin asellus primus = an Chéad Asal
- 23/θ Boo 4.04: Asellus Primus
- 21/ι Boo 4.75: Asellus Secundus
- < Laidin asellus secundus = an Dara Asal
- tríréalta
- réalta athraitheach (Réaltaí Delta Scuti)
- 21/ι Boo 4.75: Asellus Secundus
- 17/κ Boo 4.38: Asellus Tertius
- < Laidin asellus tertius = an Tríú Asal
- déréalta: κ¹ 4.53; κ² 6.62
- 17/κ Boo 4.38: Asellus Tertius
- 51/μ Boo 4.18: Alkalurops nó Inkalunis nó Inkalurus nó Icalurus nó Icallurus nó Clava nó Venabulum
- < Araibis < καλαύροψ (Gréigis kalaurops) = an Bachall
- < Laidin clava = Cleith Ailpín; Pionsa Maol
- < Laidin venabulum = Ga Sealgaire
- déréalta: μ¹ 4.31; μ² 6.51
- 51/μ Boo 4.18: Alkalurops nó Inkalunis nó Inkalurus nó Icalurus nó Icallurus nó Clava nó Venabulum
- 54/φ Boo 5.25: Ceginus
- < Laidin Seginus < (Araibis ?) < (Gréigis Theguius) = ? (an t-ainm Gréigise ar réaltbhuíon an Aoire)
- Nod leat go dtugtar an t-ainm céanna ar Gamma Boötis
- 54/φ Boo 5.25: Ceginus
- 38/h Boo 5.79: Merga nó El Mara el Musalsela nó Falx Italica
- < المرأة المسلسلة (Araibis al-mar’a[tu] al-musalsalah) = an Bhean Chuibhrithe
- < Laidin falx italica = Bileog
- 38/h Boo 5.79: Merga nó El Mara el Musalsela nó Falx Italica
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
- 16/α Boo -0.05: 42/β Boo 3.49; 27/γ Boo 3.03; 49/δ Boo 3.46; 36/ε¹ Boo 2.35; 36/ε² Boo 2.70; 30/ζ Boo 3.78; 8/η Boo 2.68; 23/θ Boo 4.04; 21/ι Boo 4.75; 17/κ¹ Boo 4.53; 17/κ² Boo 6.62; 19/λ Boo 4.18; 51/μ¹ Boo 4.31; 51/μ² Boo 6.51; 52/ν¹ Boo 5.04; 53/ν² Boo 4.98; 37/ξ Boo 4.54; 35/ο Boo 4.60; 29/π¹ Boo 4.49; 29/π² Boo 5.58; 25/ρ Boo 3.57; 28/σ Boo 4.47; 4/τ Boo 4.47; 5/υ Boo 4.05; 54/φ Boo 5.25; 48/χ Boo 5.25; 43/ψ Boo 4.52; 41/ω Boo 4.80; A Boo 4.80; b/46 Boo 5.67; c/45 Boo 4.93; d/12 Boo 4.82; e/6 Boo 4.92; f/22 Boo 5.40; g/24 Boo 5.58; h/38 Boo 5.79; i/44 Boo 4.83; k/47 Boo 5.59
- Réaltaí a bhfuil uimhreacha Flamsteed orthu:
- 1 Boo 5.73; 2 Boo 5.63; 3 Boo 5.97; 4/τ Boo 4.50; 5/υ Boo 4.05; 6/e Boo 4.92; 7 Boo 5.71; 8/η Boo 2.68; 9 Boo 5.02; 10 Boo 5.76; 11 Boo 6.23; 12/d Boo 4.82; 13/CF Boo 5.26; 14 Boo 5.53; 15 Boo 5.29; 16/α Boo -0.05; 17/κ Boo 4.38; 18 Boo 5.41; 19/λ Boo 4.18; 20 Boo 4.84; 21/ι Boo 4.75; 22/f Boo 5.40; 23/θ Boo 4.04; 24/g Boo 5.58; 25/ρ Boo 3.57; 26 Boo 5.91; 27/γ Boo 3.03; 28/σ Boo 4.47; 29/π¹ Boo 4.49; 29/π² Boo 5.58; 30/ζ Boo 3.78; 31 Boo 4.86; 32 Boo 5.55; 33 Boo 5.39; 34/W Boo 4.83; 35/ο Boo 4.60; 36/ε Boo 1.76; 37/ξ Boo 4.54; 38/h Boo 5.79; 39 Boo 5.68; 40 Boo 5.64; 41/ω Boo 4.80; 42/β Boo 3.49; 43/ψ Boo 4.52; 44/i Boo 4.83; 45/c Boo 4.93; 46/b Boo 5.67; 47/k Boo 5.59; 48/χ Boo 5.28; 49/δ Boo 3.46; 50 Boo 5.38; 51/μ¹ Boo 4.31; 51/μ² Boo 6.51; 52/ν¹ Boo 5.04; 53/ν²e Boo 4.98; 54/φ Boo 5.25
- Réaltaí suntasacha eile:
- HD 128311 7.48 – tá dhá phláinéad eachtarghréine aige
- T Boötis – Nóva Boötis 1860, nóva amhrasach a d'aimsigh Joseph Baxendell sa bhliain 1860 ach nach bhfacthas choíche arís!
Féach fosta
Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an tAoire ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-08 ar an Wayback Machine
- Ian Ridpath's Star Tales
- an tAoire agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-05-09 ar an Wayback Machine
- an tAoire ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an tAoire Curtha i gcartlann 2006-04-22 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an tAoire
Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.