An Tuircis
Is í an Tuircis (Türkçe) an ceann is tábhachtaí de na teangacha Tuircice. Tá sí á labhairt sa Tuirc, áit a bhfuil sí ina teanga oifigiúil, sa Chipir, sa Bhulgáir agus sa Ghréig. Thairis sin, bíonn pobail Thurcacha ar fáil ina lán tíortha Eorpacha, go háirithe sa Ghearmáin. Is deacair a rá, cé mhéad de mhuintir na Tuirce a labhraíonn an teanga ó dhúchas, nó tá an stát Turcach an-diúltach i leith na dteangacha mionlaigh, agus ní bhreactar síos sonraí ar bith fúthu sna daonáirimh. Is gnách glacadh leis go bhfuil an teanga ó dhúchas ag ochtó faoin gcéad de mhuintir na Tuirce. Mar sin, tá sé sábháilte a rá go bhfuil an Tuircis ó dhúchas ag seasca milliún duine, ach is léir go bhfuil sí mar theanga iasachta ag cuid mhaith eile.
Türkçe | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha, teanga bheo, réimse acadúil, speisialtacht agus réimse staidéir |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 82,231,620 (2021) |
Dúchasach do | Turcaigh, Cúige Burgas, Cúige Kardzhali, Cúige Smolyan, Cúige Haskovo, An Chipir, Xanthi Prefecture (en) , Rhodope Prefecture (en) agus An Tuirc |
Stáit | An Bhulgáir, An Chipir, Gréig, An Tuirc agus An Chipir Thuaidh |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna Nostraitic Teangacha Altaecha Teangacha Tuircice Common Turkic (en) Oghuz (en) Western Oghuz (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir na Tuircise, aibítir Arabach, aibítir Laidineach agus script Araibise |
Institiúid caighdeánaithe | Turkish Language Association (en) |
Staidéar ag | Turkology (en) |
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
Cóid | |
ISO 639-1 | tr |
ISO 639-2 | tur |
ISO 639-3 | tur |
Glottolog | nucl1301 |
Ethnologue | tur |
ASCL | 4301 |
IETF | tr |
Tá an Tuircis an-intuigthe ag cainteoirí na dteangacha gaolmhara, ar nós na hAsarbaiseáinise agus na teanga Gagauz. Is iomaí Turcach a deir nach bhfuil iontu siúd ach canúintí de chuid na Tuircise.
Teanga tháite is ea an Tuircis. Is é sin, tá gramadach na teanga bunaithe ar na hiarmhíreanna a chuirtear leis an bhfocal, ceann i ndiaidh a chéile. Seo mar a fhréamhaítear focail nua sa Tuircis freisin.
Bhí na litreacha Arabacha in úsáid sa Tuircis go dtí gur chuir Kemal Atatürk deireadh leis an Impireacht Otamánach. Le teacht Phoblacht na Tuirce, tháinig an aibítir Laidineach. An cineál Tuircise a bhí á scríobh i ré na hImpireachta, bhí sí breac le hiasachtaí Peirsise agus Araibise, agus í an-difriúil leis na canúintí labhartha. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig cosúlacht úr ar fad ar an Tuircis. Chrom na hintleachtaigh Turcacha ar fhocail nua a chumadh a bheadh bunaithe ar na tamhain agus na fréamhacha dúchasacha, agus iad ag iarraidh na cinn Araibise agus Peirsise a sheachaint. Chuaigh an polasaí seo go mór mór i gcion ar an teanga. Mar sin, ní bhíonn Turcaigh óga ár linne in ann bun ná barr a dhéanamh den chineál Tuircise a bhíodh á scríobh ag leithéidí Atatürk féin, ó chuaigh an oiread sin focail iasachta as úsáid idir an dá linn.
Cé go bhfuil an Tuircis ag éirí as na hiasachtaí Araibise agus Peirsise, níl sí in aon chóngar do bheith chomh doicheallach céanna roimh na focail Iartharacha. Is í an Fhraincis an fhoinse is tábhachtaí as ar tháinig iasachtaí den chineál seo, ach is léir go bhfuil an Béarla ag imirt a thionchair ar an Tuircis chomh maith, ar na saolta seo.