An Siséal
Réaltbhuíon bheag neamhfheiceálach is ea an Siséal atá suite ar an leathsféar neamhaí theas in aice le réaltbhuíon na hAbhann. Ba é an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh an réaltbhuíon seo sna blianta 1751-52.
Ainm Laidine (IAU) | Caelum |
---|---|
Nod | Cae |
Ginideach Laidine | Caeli |
Siombalaíocht | an Siséal |
Dronairde | 5 h |
Diallas | −40° |
Achar | 125 céim cearnach Céim 81ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | α Cae (méid 4.45) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +40° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Eanáir an infheictheacht is fearr |
Tugtar Caelum mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, rud a chiallaíonn "siséal greanta".
Príomhghnéithe
- γ Cae: réalta dhúbailte
Réada suntasacha domhainspéire
Stair
Ba é an réalteolaí Francach an tAb Nicolas Louis de Lacaille a chruthaigh réaltbhuíon an tSiséil. Chaith Lacaille na blianta 1751 agus 1752 san Afraic Theas agus é ag clárú réaltaí an leathsféir theas. Bhí beagnach 10,000 réalta agus 42 réada domhainspéire ar an léarscáil neamhaí a rinne sé ag an am sin. Tháinig amach an chéad eagrán sa bhliain 1756 ach ní raibh ann ach plánaisféar agus é sa teanga Fraincise. Níor foilsíodh an chatalóg iomlán agus eagrán deifnídeach an phlánaisféir go dtí an bhliain 1763, bliain amháin tar éis bhás Lacaille. Coelum Australe Stelliferum an t-ainm a thug Lacaille ar an leabhar seo. San eagrán seo, d'aistrigh sé na hainmneacha ón bhFraincis go dtí an Laidin, agus chuir sé trí réaltbhuíon na Cíle, na Seolta agus Dheireadh na Loinge in áit Argo Navis (nó Le Navire, mar a thug sé air sa chéad eagrán).
Le linn dó a bheith ag cur i gclár na réaltaí theas, chum Lacaille ceithre réaltbhuíon déag chun áiteanna éigin i ndeisceart na spéartha a líonadh nach raibh a lán réaltaí iontu – agus an Siséal ina measc (féach an bosca thíos). Sa lá atá inniu ann glacann an an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta (ARI) le gach ceann de na réaltbhuíonta sin; agus glactar freisin leis na trí réaltbhuíon a rinne Lacaille as an Long.
Les Burins ("na Siséil") an t-ainm Fraincise a thug Lacaille ar an réaltbhuíon seo ar dtús – péire siséal trasna ar a chéile a chuir sé ar a léarscáil neamhaí. Caelum Scalptorium ("an Siséal Greanadóireachta") an t-ainm Laidine a tugadh uirthi ar an bplánaisféar a tháinig amach sa bhliain 1763. Sa bhliain 1801, ar an léarscáil neamhaí Uranographa de chuid an réalteolaí Ghearmánaigh Johann Bode, tugadh Caelum Scaptoris ("Siséal an Ghreanadóra") mar ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo. Caelum an t-ainm Laidine a thugtar uirthi sa lá atá inniu ann.
Miotaseolaíocht
Ós rud é nár cruthaíodh réaltbhuíon an tSiséil go dtí an 18ú haois, níl aon bhaint aici le miotaseolaíocht an tSeansaoil. Lena chois sin, ní bhaineann aon mhiotaseolaíocht leis an réaltbhuíon seo ós rud é gur scoir Lacaille den thraidisiún sin ar dá réir a d'ainmnítí na réaltbhuíonta as carachtair mhiotaseolaíocha; ina áit sin roghnaigh sé go formhór ainmneacha uirlisí a úsáidtear sna heolaíochtaí.
Réaltaí
Féach fosta
Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an Siséal ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2006-05-26 ar an Wayback Machine
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Siséal agus miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2006-06-14 ar an Wayback Machine
- an Siséal ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Siséal Curtha i gcartlann 2006-06-15 ar an Wayback Machine
Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Réaltbhuíonta a chruthaigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille sna blianta 1751 agus 1752 |
an tAerchaidéal | an Clog | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | an Dealbhóir | an Fhoirnéis | an Liontán | an Micreascóp | an tOchtamhán | an Péintéir | an Riail | an Siséal | an Tábla | an Teileascóp |