An Lir

Is réaltbhuíon thuaisceartach í an Lir. Is ceann de na 48 réaltbhuíon a d'áirigh Tolamaes í, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. Is beag an réaltbhuíon í, ach is furasta í a aimsiú toisc go bhfuil an réalt is gile léi, Vega, ina rinn ar "Thriantán an tSamhraidh", mar a deirtear leis. Is é Lyra, a chiallaíonn "lir", an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo.

An Lir
an Lir
an Lir
Ainm Laidine (IAU)Lyra
NodLyr
Ginideach LaidineLyrae
Siombalaíochtan lir
Dronairde19 h
Diallas40°
Achar286 céim cearnach
Céim 52ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
1
Réalta is gileVega (α Cyg)
(méid 0.03)
Dreigecheathanna
  • Liridí
  • Liridí an Mheithimh
  • Alfa Liridí
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus 40°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Lúnasa an infheictheacht is fearr

Ag tosú ar an taobh ó thuaidh agus ag comhaireamh ar deiseal, seo iad a leanas na réaltbhuíonta atá teorainn ar theorainn leis an Lir: an Dragan, an laoch Gréagach Earcail, an Sionnach agus an Eala.

Príomhghnéithe

Seo cúpla réalta gheal de chuid na Lire:

  • α Lyr: nó Vega; ar méid dhealraitheach 0.03, tá an réalta seo ar an dara réalt is gile ar leathsféar neamhaí an tuaiscirt (i ndiaidh Arcturus) agus ar an gcúigiú réalt is gile ar spéir na hoíche go léir; A0 V a haicme speictreach, agus níl sí ach 25.3 solasbhliain i bhfad uainn amach. Is amhlaidh gurb ilréalta í le 5 chomhbhall. Ba í Vega an chéad réalta a ndearnadh grianghraf di.
  • β Lyr: tá Sheliak ar méid 3.45 agus ar aicme speictreach B8 II; is réalta athraitheach í seo, a thugann a hainm ar rang déréaltaí uraitheacha, is iad sin na réaltaí Beta Lyrae.
  • γ Lyr: is ilréalta í seo dá ngairtear fosta Sulafat; tá an phríomhchomhbhall ar méid 3.24 agus ar aicme speictreach B9 III.
  • δ Lyr: déréalta comhdhéanta ag réalta ghorm-bhán ar méid 6.0 agus fathach dearg leathrialta a chomhathraíonn idir 4.0 agus 5.0.
  • ε Lyr: réalta cheathrúil cháiliúil, dá ngairtear as Béarla "the Double Double" (is é sin le rá "an déréalta faoi dhó") toisc gurb í déréalta atá inti a bhfuil an dá chomhbhall le chéile ina ndéréaltaí freisin.
  • ζ Lyr: déréalta eile is féidir a scoilteadh trí dhéshúiligh.
  • RR Lyr: thug an réalta seo a hainm do rang réaltaí athraitheacha bíogacha, is iad sin na réaltaí RR Lyrae.

Réada suntasacha domhainspéire

  • M56: réaltbhraisle chruinneogach atá scaoilte go maith; tá sí amuigh is istigh ar 32,900 solasbhliain i bhfad i gcéin, agus thart ar 85 solasbhliain ar trastomhas dealraitheach. Tá si ar méid dhealraitheach 8.3.
  • M57: dá ngairtear freisin an Réaltnéal Fáinneach; tá an réad seo ar cheann de na réaltnéalta pláinéadeacha is cáiliúla sa spéir (ar méid 8.8; tá sé idir 6,000 agus 8,000 bliana d'aois de réir mar a bhreathnaítear inniu é).

Miotaseolaíocht

Ar seanléarscáileanna léirítear éan - go háirithe badhbh (Vultur cadens) - ar shuíomh seo na spéire, óir d'ionannaítí an réaltbhuíon seo agus a réaltaí le badhbh fadó Curtha i gcartlann 2005-09-24 ar an Wayback Machine. Mar leis sin, i dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (is iad sin le rá an Eala, an tIolar agus an Saighdeoir é féin), is amhlaidh go bhfuil baint éigin ag an Lir le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

Má chuirtear san áireamh línte comhthreomhara réaltaí doiléire atá i lár báire na réaltbhuíne, tá dealramh lire uirthi, agus dá bharr sin éiríodh as badhbh a thabhairt uirthi agus de réir a chéile tosaíodh lir a thabhairt uirthi ina ionad; ar feadh tamaill is amhlaidh gur ionanníodh í le badhbh agus lir ar iompar aici. Mar lir, ionannaíodh an realtbhuíon seo leis an ngléas ceoil a bhí ag Oirféas agus ar chas sé ceol air a chuir fiú amháin Háidéas faoi dhraíocht; tar éis a bháis, aistríodh an lir i measc na réaltaí.

An Lir sa litríocht

Glacann réaltbhuíon na Lire páirt thábhachtach sa tríológ K-PAX de chuid Gene Brewer; sna leabhair siúd maíonn othar in ospidéal meabhairghalar i Manhattan gur rugadh ar an bpláinéad K-PAX i réaltbhuíon na Lire é.

Sa chruinne fhicseanúil ar an gclár teilifíse Star Trek, is í Sheliak (ß Lyr) is grianchóras cónaithe an chine eachtrannaigh sin atá ar aon ainm léi; tá drochmheas acu ar an gcine daonna agus ar chiníocha duiniúla eile(Star Trek: The Next Generation: "The Ensigns of Command").

Lyra is ainm freisin do dhuine den dá phríomhcharachtar sa tríológ His Dark Materials de chuid Philip Pullman. Lyra Belacqua is ainm iomlán di, ach aistrítear a sloinne go Silvertongue i rith an tsaothair. Is iníon Asriel Belacqua agus Marisa Coulter í.

Féach fosta

  • Sonraí réaltmhéadracha ag baint leis an Lir

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.



Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.