An Ghréig
Is tír í an Ghréig (Gréigis: Ελλάδα / Ελλάς) ar a dtugtar go hoifigiúil an Phoblacht Heilléineach (Gréigis: Ελληνική Δημοκρατία).
An Ghréig | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ελλάδα (el) Ελλάς (el) Ελληνική Δημοκρατία (el) | |||||
|
|||||
Aintiún | Hymn to Liberty (1865) | ||||
Mana | «Eleftheria i thanatos (en) » | ||||
Ainmnithe in ómós | Gréagaigh | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | An Aithin | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 10,482,487 (2021) | ||||
• Dlús | 79.44 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Ghréigis Demotic Greek (en) Nua-Ghréigis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Oirdheisceart na hEorpa an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Aontas Eorpach na Náisiúin Aontaithe | ||||
Achar dromchla | 131,957 km² | ||||
• Uisce | 2.3 % | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mheánmhuir | ||||
Pointe is airde | Sliabh Oilimpeas (2,919 m) | ||||
Pointe is ísle | Calypso Deep (en) (−5,269 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Third Hellenic Republic (en) | ||||
Cruthú | 25 Márta 1821 (Iúlach) | ||||
Saoire phoiblí | An Athbhliain (1 Eanáir) Eipeafáine (6 Eanáir) Rosenmontag (en) (Easter − 48 days (en) ) Celebration of the Greek Revolution (en) (25 Márta) Aoine an Chéasta (2 lá roimh an Cháisc) Domhnach na Cásca (22 Márta) Luan Cásca (Easter + 1 day (en) ) Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe (1 Bealtaine) Deastógáil Muire Ohi Day (en) (28 Deireadh Fómhair) An Nollaig (25 Nollaig) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Gréige | ||||
Comhlacht reachtach | Hellenic Parliament (en) | ||||
• President of Greece (en) | Pavlos Kountouriotis (1924–1926) | ||||
• Príomh-Aire na Gréige | Kyriakos Mitsotakis (2019–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 214,873,879,834 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .gr | ||||
Glaochód | +30 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 100, 166 agus 199 | ||||
Cód tíre | GR | ||||
Cód NUTS | EL | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | government.gov.gr |
Tíreolaíocht
Tá an Ghréig suite in oirdheisceart na hEorpa, ar imeall theas na leithinse Balcánaí. Tá teorainneacha ag an dtír leis an mBulgáir, an Macadóin agus an Albáin lastuaidh di agus ag an Tuirc lastoir di.
Tá an Mhuir Aeigéach taobh thoir den Ghréig, tá an Mhuir Iónach taobh theas di agus tá an Mheánmhuir mar theorainn thiar di.
Tá ochtó faoin gcéad de thalamh na tíre clúdaithe le sléibhte, agus Sliabh Oilimpeas ar an gceann is airde díobh, agus í 2,917 méadar (9,570 troigh).
Tá thart ar 1,400 oileán ina timpeall, ach ní chónaíonn daoine ach ar 127 astu.
Stair
Tá stair fhada shaibhir ag an nGréig ó ré na Sean-Ghréige i leith, agus measann an-chuid daoine gur sa tír seo a cruthaíodh sibhialtacht an Iarthair, an fhealsúnacht agus an daonlathas, gan trácht ar na Cluichí Oilimpeacha, Litríocht an Iarthair, staireolaíocht, eolaíocht pholaitiúil, cuid mhaith de bhunphrionsabail eolaíochta agus matamaitice, an chéad bhonn riamh agus drámaíocht an Iarthair. Bhí tionchar ar leith ag an nGréig ar chultúrtha na hEorpa, na hÁise agus na hAfraice.
Féach freisin => An tSean-Ghréig.
19ú haois
Thiar sa bhliain 1830 a bunaíodh an Ghréig mar náisiún nua-aimseartha, tar éis di éirí amach in aghaidh na nOtamánach.
20/21ú haois
Is ballstát den Aontas Eorpach í sá lá atá inniu ann.
Géarchéim eacnamaíoch: 2009-2015
Ba é an Ghréig ba mhó a bhí thíos leis an ngéarchéim eacnamaíoch, a bhris amach sa Ghréig sa bhliain 2009, nuair a tháinig Pasok (an páirtí sóisialach) i gcumhacht. Mar thoradh ar phlé faoi athchóirithe sa tír sin agus a bhuí le tacaíocht ón Aontas Eorpach, rinneadh socrú nua i mí Iúil 2015[1].
Eacnamaíocht
Úsáidtear an euro mar airgeadra sa Ghréig. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Gréige an 58ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 53ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 62ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an nGréig, é ar $27,776 don chónaitheach.
Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Ghréig an 38ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 25ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[2] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ghréig an 79ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí na Márta 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 18.5%, an leibhéal is airde san Aontas Eorpach.[3]
Ceantair
Cathracha
Tagairtí
- "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-15. Dáta rochtana: 2017-12-16.
- "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
- "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.