An Eala

Is réaltbhuíon thuaisceartach í an Eala. Is é Cygnus, a chiallaíonn "eala", an t-ainm Laidine a thugtar uirthi. Is ceann de na 48 réaltbhuíon a d'áirigh Tolamaes í, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. De bharr chuma a príomhréaltaí, gairtear Cros an Tuaiscirt di uaireanta (i gcontrárthacht le Cros an Deiscirt).

An Eala
an Eala
an Eala
Ainm Laidine (IAU)Cygnus
NodCyg
Ginideach LaidineCygni
Siombalaíochtan Eala
Dronairde20.62 h
Diallas+42.03°
Achar804 céim cearnach
Céim 16ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
4
Réalta is gileDeneb (α Cyg)
(méid 1.25)
Dreigecheathanna
  • Cignidí Dheireadh Fómhair
  • Kappa Cignidí
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus 40°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meán Fómhair an infheictheacht is fearr

I rith an tsamhraidh, spréann an t-éan seo a sciatháin thar Bhealach na Bó Finne, faoi mar atá sé ag eitilt ó dheas.

Príomhghnéithe

Is iomaí réalta gheal atá ar an Eala.

  • α Cyg: is réalt sárlonrach í Deneb, an-fheiceálach ainneoin go bhfuil sí i bhfad i gcéin (1,800 solasbhliain). Is é ruball na heala é an t-ollfhathach gorm seo, an chuid uachtarach de Chros an Tuaiscirt, agus is ceann é freisin de thrí rinn "Thriantán an tSamhraidh", mar a deirtear leis.
  • β Cyg: tá Albireo suite ar ghob na heala. Is ceann de na réaltaí dhúbailte is áille sa spéir í, réalt órga atá indealaithe gan dua trí theileascóp béag óna compánach gorm.
  • ο1 Cyg:
  • &chi Cyg:
  • 61 Cyg: is réalt eile shuimiúil í seo. Tá dualghluaisne na réalta seo ar cheann de na dualghluaisní is mó atá ag aon réalta ar an spéir (seachas an Ghrian, dar ndóigh). Ba í freisin an chéad réalta ar tomhaiseadh a hachar - ag Friedrich Wilhelm Bessel sa bhliain 1838. Tá sí 11.4 solasbhliain i bhfad i gcéin, ar cheann de na réaltaí is giorra don ghrianchóras.
  • 16 Cyg B: tá córas pláinéadach ag an réalta seo, le pláinéad amháin deimhnithe atá 1.5 uair chomh mór leis an bpláinéad Iúpatar.
  • Cygnus X-1: tá an fhoinse x-ghathanna dá ngairtear Cygnus X-1 ar réaltbhuíon na hEala freisin. Meastar gur dúpholl atá inti, nó ceann de na hiarrthóirí dúphoill is fearr seans.

Ina dteannta siúd, is iomaí réalta athraitheach atá ar réaltbhuíon na hEala, ina measc 31 Cyg, 32 Cyg, P Cyg, Y Cyg, SS Cyg, XX Cyg agus V508 Cyg.


Réada suntasacha domhainspéire

Tá a lán réaltbhraislí agus réaltnéalta le feiceáil ar an Eala, mar gheall ar a suíomh ar phlána Bhealach na Bó Finne.

  • NGC 7000: faightear an réada seo, dá ngairtear Réaltnéal Mheiriceá Thuaidh, beagán taobh thoir de Deneb. Trí ghrianghrafanna is fearr a mheastar cé chomh cosúil leis an mór-roinn sin agus atá an réaltnéal seo.
  • M39:
  • NGC 6826:
  • NGC 6992:
  • Gualmhála an Tuaiscirt:
  • Cygnus A:


Stair agus miotaseolaíocht

Tá scothchosúlacht éin ar an réaltbhuíon seo, éin leathansciathánaigh fadmhuineálaigh agus é ar eitilt go grástúil Curtha i gcartlann 2005-03-30 ar an Wayback Machine. De réir mhiotaseolaíocht na Gréige, ionannaítear an réaltbhuíon le scata ealaí éagsúla scéalaíochta. Chuaigh Séas i riocht eala chun Leda a fhuadach, agus rugadh ceathrar clainne di: an Cúpla, Héilin na Traoi, agus Clítimnéastra.

Rinneadh eala d'Oirféas arna dhúnmharú, agus dúradh gur aistríodh ar an spéir é ionas go mbeadh sé in aice a lire.

Faoi dheireadh, deirtear go raibh ógánach ann fadó darbh ainm Cygnus (nó Cycnus) agus é ina bhuachaill bán do Phaethon. Tar éis do Phaethon bás a fháil agus é ag iarraidh carbad na gréine a thiomáint, chuardaigh Cygnus a chorp go héadóchasach san Abhainn Eridanus ar thit sé. Thum sé isteach san abhainn an oiread sin uaireanta gur ghlac Séas trua dó agus rinne sé an t-éan uisce sin de a dtugtar a ainm air ón am sin.

Is cosúil go bhfuil baint ag an Eala, i dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (go sonrach an Lir, an tIolar agus an Saighdeoir é féin), le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.

De réir mhiotaseolaíocht na Síne, is i réaltbhuíon na hEala a mbíonn droichead bliantúil an snaga bhric, a thugann an bheirt leannán Niu Lang agus Zhi Nu le chéile arís (féach Qi Xi).

Réaltaí


Féach fosta


Naisc sheachtracha

Tagairtí

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.



Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.