An Coimisiún Eorpach
I dteannta le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus le Parlaimint na hEorpa, is ceann de na hinstitiúidí is tábhachtaí den Aontas Eorpach é an Coimisiún Eorpach.
Stair
![](../I/Belgique_-_Bruxelles_-_Schuman_-_Berlaymont_-_01.jpg.webp)
Bunaíodh an Coimisiún Eorpach le Conradh na Róimhe sa bhliain 1957 (féach airteagail 155 go 163). Tá ball as gach ballstát den Aontas ar an gCoimisiún, rud a chiallaíonn go bhfuil 28 coimisinéirí páirteach ann faoi láthair. Faoi láthair, is é Jean-Claude Juncker, polaiteoir as Lucsamburg, atá ina uachtarán ar an gCoimisiún. Thosaigh sé sa phost ar an 1 Samhain 2014, tar éis don Pharlaimint Eorpach glacadh leis mar uachtarán ar an 15 Iúil 2014.
Feidhmeanna
![](../I/Berlaymont-Building-1.Jpg.webp)
Is é príomhchúram an Choimisiúin Eorpaigh ná polasaithe a mholadh agus a chur i bhfeidhm. ‘Caomhnóir na gConarthaí’ atá sa Choimisiún, cinntíonn sé go gcuirtear i bhfeidhm iad agus is leisean an ceart tionscnaimh chun dlíthe nua a mholadh a bhaineann le hábhair a bhfuil an tAontas amháin freagrach astu – aontas custam an Aontais, caomhnú acmhainní nádúrtha na mara, an Margadh Eorpach Aonair agus an t-airgeadra aonair, ina measc. I bprionsabal, tá ról lárnach ag an gCoimisiún mar chosantóir leas comhchoiteann an Aontais Eorpaigh agus is de bharr an róil sin atá an ceart tionscnaimh aige. I gcomhthéacs na gcóras polaitiúil, tá gné ar leith ag an gCoimisiún ós rud go bhfuil sé freagrach as leas comhchoiteann an Aontais cé nach dtagann a chumhacht ó Pharlaimint na hEorpa, parlaimint a thoghann lucht vótála an Aontais féin.
Tá ról tábhachtach ag brúghrúpaí i bpróiseas cinnteoireachta an Choimisiúin Eorpaigh, brúghrúpaí a oibríonn ar son leas an phobail agus brúghrúpaí a oibríonn ar son leas na ngnóthaí.
Maireann téarma an Choimisiúin cúig bliana.
Caidreamh
Rialtais
![](../I/European_Commission_Room_(Open_Day)_1.jpg.webp)
Cé go bhfuil cosúlachtaí ann idir ról an Choimisiúin agus ról rialtais na mballstát, tá difríochtaí ann leis. I bprionsabal, oibríonn na coimisinéirí ar son an Aontais agus tá siad neamhspleách ar a dtír féin. I ndáiríre, áfach, polaiteoirí atá sna coimisinéirí de ghnáth, polaiteoirí a bhfuil saol fada caite acu ag obair i rialtas a dtíre féin agus nach gcaitheann ach seal beag leis an gCoimisiún sara dtéann siad thar n-ais isteach i rialtas a dtíre féin.
Chomh maith leis sin, braitheann an Choimisiún ar rialtais na mballstát le buiséad a fháil.
Parlaimint
Tá an Coimisiún freagrach do Pharlaimint na hEorpa agus tá an Pharlaimint i gcumas an Coimisiún a cháineadh. Ach níl an Pharlaimint i gcumas an Coimisiún a cháineadh ach amháin maidir lena riarachán agus, chun an próiseas cáinte a chur i bhfeidhm, teastaíonn vóta ó dhá thrian d’fheisirí na Parlaiminte.
An Chomhairle
Roinntear na cumhachtaí, cumhachtaí reachtacha agus cumhachtaí feidhmiúcháin araon, idir an Coimisiún agus an Chomhairle.
Riarachán
Tá an Coimisiún lonnaithe sa Bhruiséil, i bhfoirgneamh Berlaymont atá suite ag cearnóg boulevard Charlemagne agus rue de la Loi.
Tá foireann mhór státseirbhíseach ann a chabhraíonn le hobair na gCoimisinéirí, is í an fhoireann sin an fhoireann is mó san Aontas – sa bhliain 2007, bhí beagnach 27,000 duine ag obair inti.
Ó bunaíodh an Coimisiún sa bhliain 1958, bíonn sealanna ina mbíonn sé níos gníomhaí agus sealanna eile ina mbíonn sé níos ciúine. I ndáiríre, is é an rud is tábhachtaí a théann i gcion ar obair an Choimisiúin agus ar obair na gCoimisinéirí ná lánpháirtiú na hEorpa.