An Chorsaic
Is í an Chorsaic (Corsaicis: Corsica, Fraincis: Corse) an ceathrú hoileán is mó sa Mheánmhuir (i ndiaidh na Sicile, an tSairdín agus na Cipire). Tá sí suite amuigh ó chósta thoir na hIodáile agus thoir theas ón Fhrainc, agus taobh ó thuaidh d'oileán na Sardíne.[1]
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
Corsica (co) ![]() | |||||
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
![]() | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhrainc | ||||
Eintiteas críochach riaracháin de chuid na Fraince | An Fhrainc mheitreapholaiteach ![]() | ||||
Príomhchathair | Ajaccio ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 347,597 (2021) ![]() | ||||
• Dlús | 40.05 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Chorsaicis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | zone de défense et de sécurité Sud (fr) ![]() ![]() | ||||
Achar dromchla | 8,680 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mheánmhuir ![]() | ||||
Pointe is airde | Monte Cinto (en) ![]() ![]() | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1 Eanáir 1972: Réigiún na Fraince | ||||
Éarlamh | Devota (en) ![]() ![]() | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Executive Council of Corsica (en) ![]() ![]() | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól na Corsaice ![]() | ||||
• Ceannaire an rialtais | Gilles Simeoni (en) ![]() ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | FR-20R, FR-H agus FR-COR ![]() | ||||
Cód NUTS | FR83 ![]() | ||||
Cód réigiúin INSEE | 94 ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | isula.corsica ![]() | ||||
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Daonra
Bhí 339,000 duine ina gcónaí ar an oileán sa bhliain 2019.[2] Is iad Ajaccio agus Bastia an dá chathair is mó san oileán.
Stair
Rugadh Napoleon Bonaparte ann sa bhliain 1769, i bpríomhchathair an oileáin, Ajaccio. An teach ina raibh a mhuintir ina chónaí san am, is é sin Maison Bonaparte, is músaem é inniu.
![](../I/Corscia-pont_D84_sur_l'Erco.jpg.webp)
Teangacha
Is í an Fhraincis is mó a labhraítear san oileán inniu, ach tá a dteanga féin ag muintir na Corsaice, an Chorsaicis, cé nach bhfuil sí ó dhúchas ach ag céatadán beag ag bunadh an oileáin inniu.
Is iad na canúintí úd Gallurese agus Sassarese i dTuaisceart na Sairdíne na teangacha is mó gaol leis an gCorsaicis, agus deir cuid de na teangeolaithe go bhfuil siad - an teanga Gallurese ach go háirithe - níos cóngaraí don Chorsaicis ná don tSairdínis.
Tá cosúlachtaí go leor idir cás na Gaeilge in Éirinn agus cás na Corsaicise sa gCorsaic.[3]
Riaracháin
Áirítear an Chorsaic ar réigiún de chuid na Fraince, cé gurb é an stádas atá ag an oileán sa dlí ná collectivité territoriale, is é sin, "tiomsaitheacht chríche". Ciallaíonn sin mar shampla go bhfuil "dáil" nó "parlaimint" na Corsaice, an Assamblea di Corsica, níos cumhachtaí ná mar a bhíonn na tionóil réigiúnacha sa Fhrainc de ghnáth. Náisiúnaithe den uile chineál is ea formhór na bhfeisirí i dTionól na Corsaice. Tá stádas theanga na Corsaicise ar cheann de na ceisteanna móra atá ag déanamh imní dóibh, chomh maith le talamh a bheith á cheannach ar an mórchóir ag eachtrannaigh.[4] Thug Stát na Fraince cluas bhodhar nó alabhodhar riamh dóibh, áfach, i dtaca leis an dá cheist seo. Chuaigh roinnt náisiúnaithe i muinín an fhornirt ag amanna éagsúla ó na 1950í, tráth a fuair go leor tíortha eile neamhspleáchas ón bhFrainc, ach cur chuige éadairbheach a bhí riamh ann.
Sna blianta 1975-2018 bhí an t-oileán roinnte ina dhá chúige, mar atá, Haute-Corse ("Uachtar na Corsaice") agus Corse-du-Sud ("Corsaic Theas"), agus ba í Bastia príomhchathair Haute-Corse.
Tháinig deireadh leis an deighilt seo sa bhliain 2018, áfach, agus is aon aonad riaracháin amháin é an t-oileán arís.
Leasú
Sa bhliain 2023 i dTionól na Corsaice in Aiaccu, bhí sé molta ag Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron "saghas éigin neamhspleáchais" a lamháil don Chorsaic, ach gur chuid den Fhrainc a bheadh sa Chorsaic i gcónaí faoin "saghas éigin neamhspleáchais" a bhí i gceist aige. D'iarr an tUachtarán Macron ar pholaiteoirí sa Chorsaic agus i Rialtas na Fraince dlí nua a dhréachtú i gcomhar le chéile le dúil stádas bunreachtúil na Corsaice a leasú.[4]
Féach freisin
Tagairtí
- Diarmuid Johnson. "Corsica – Oileán faoi Rún" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-08-23.
- "Living in Corsica: Things to Do and See in Corsica, France | Christie's International Real Estate" (en). www.christiesrealestate.com. Dáta rochtana: 2023-10-05.
- Maitiú Ó Coimín. "‘Namhaid na Poblachta an fhéiniúlacht teanga’ Stádas oifigiúil diúltaithe don Chorsaicis ag Macron" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-08-23.
- Nuacht RTÉ (2023-09-28). ""Saghas éigin neamhspleáchais" don Chorsaic á mholadh ag Macron" (as ga-IE).