An Cholóim
Is tír i Meiriceá Theas í An Cholóim, le cóstaí ar an Aigéan Ciúin is ar an Aigéan Atlantach.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
Colombia (es) ![]() | |||||
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Aintiún | Himno nacional de Colombia ![]() | ||||
Mana | «Libertad y Orden» «Freedom and Order» «Свобода и ред» «Colombia is magical realism» «Wolność i porządek» ![]() | ||||
Ainmnithe in ómós | Criostóir Colambas ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Bogotá ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 49,065,615 (2017) ![]() | ||||
• Dlús | 42.97 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Spáinnis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Meiriceá Laidineach Meiriceá Easpáinneach Meiriceá Theas Ibéir-Mheiriceá ![]() | ||||
Achar dromchla | 1,141,748 km² ![]() | ||||
Airde | 223 m ![]() | ||||
Pointe is airde | Pico Cristóbal Colón (en) ![]() ![]() | ||||
Pointe is ísle | An tAigéan Ciúin (0 m) ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | United States of Colombia (en) ![]() ![]() | ||||
Cruthú | 1810 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht ![]() | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Colóime ![]() | ||||
Comhlacht reachtach | Comhdháil na Colóime ![]() | ||||
• Uachtarán na Colóime ![]() | Gustavo Petro ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 318,511,813,577 $ (2021) ![]() | ||||
Airgeadra | peso na Colóime ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .co ![]() | ||||
Glaochód | +57 ![]() | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 123 ![]() | ||||
Cód tíre | CO ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gov.co ![]() |
Tá teorainneacha aici le Veiniséala, leis an mBrasaíl, le Peiriú, le Eacuadór agus le Panama. Is í Bogotá an phríomhchathair. Tá 49 milliún duine ina gcónaí ann.
Stair
Bhí cogadh cathartha ar siúl sa Cholóim idir an eite dheis agus na reibiliúnaigh, ar a nglaoitear FARC (Fuerzas Armadas Revolucionarias de Colombia nó Fórsaí Armtha Réabhlóideacha na Colóime). Le breis is 50 bliain bhí FARC i mbun eachtraí foréigin sa tír agus d'fhág an chogaíocht ansin breis is 250,000 duine marbh[1].
Bhí an eite dheis ar thaobh an rialtais agus na reibiliúnaigh ar an eite chlé. Thacaigh rialtas SAM leis an eite dheis, i gcogadh i gcoinne na ndrugaí.
2002-2010
Nuair a toghadh Alvaro Uribe i réim i 2002, bhí an tír ar tí titim as a chéile[2]. Bhí greim docht ag na treallchogaithe FARC ar chuid den tír agus bhí siad díreach tar éis ceann dá n-éachtaí ba mhó a bhaint amach: fuadach Ingrid Betancourt, duine de na hiarrthóirí sa toghchán uachtaránachta a bhuaigh Uribe.
Le cúnamh Meiriceánach faoin bPlean Colómach, thug Uribe faoin FARC, go díreach dá mba chrosáid phearsanta í, rud nach ionadh é toisc gur mharaigh an FARC a athair tar éis gur theip ar fhuadach i 1983.
2010
I mí na Bealtaine 2010, críochnóidh Alvaro Uribe a dhara téarma mar uachtarán na Colóime. Toghadh Juan Manuel Santos ina uachtarán na Colóime don chéad uair ar 7 Lúnasa 2010. Bhí polasaí níos séimhe ag teastáil ó mhuintir na tíre ag an am sin, rud a thóg an FARC isteach sa phróiseas polaitiúil.
2016
Fógraíodh sos comhraic ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta sa bhliain 2016.
Bronnadh Duais Nobel na Síochána na bliana 2016 ar Uachtarán na Colóime Juan Manuel Santos dá iarrachtaí siúd an tsíocháin a chothú.
2 D.F. 2016: Vótáil móramh de phobal na tíre in aghaidh an chomhaontaithe síochána a bhí socraithe idir rialtas na tíre sin agus reibiliúnaigh an FARC[3]. Móramh beag a bhí i gceist.
IRA
Bhí triúr Éireannach a bhfuil ceangal acu leis an IRA ciontaithe i gcúirt sa Cholóim as tacú leis an FARC. Thréig siad an tír. Tugtar Triúr na Colóime orthu in Éirinn.
Ranna
Tá an Cholóim roinnte i 32 Ranna agus Dúiche Príomhchathrach atá mar aon le roinn, cé go bhfuil Bogotá mar phríomhchathair roinne Cundinamarca.
Tá na Ranna roinnte ina dhiaidh sin i mbardais, agus ina dhiaidh sin i corregimientos in áiteanna faoin tuath, agus comunas i gceirtleáin uirbeach. Tá rialtas áitiúil ag gach roinn le gobharnóir agus tionól, a toghfar gach ceithre bliana. Tá méara agus comhairle ag gach bardas freisin agus toghcháin áitiúil don bhord riaracháin áitiúil i ngach corregimientos agus comunas.
Chomh maith leis an bpríomhchathair, tá stádas áirithe ag ceithre dúiche eile, de bharr gnéithe sainiúil áirithe; sé sin Barranquilla, Cartagena, Santa Marta agus Buenaventura.

|
|
Cathracha agus Bailte
Is tír uirbithe í an Cholóim; tá 77.1% den daonra sa bhliain 2018 ina chónaí i limistéar uirbithe. Is iad Bogotá (7,387,400), Medellín, (2,382,399) agus Cali, (2,172,527) na cathracha is mó agus is tábhachtach sa tír.[4]
Cathracha is mó sa Cholóim | ||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Cathair | Roinn | Daonra | Cathair | Roinn | Daonra |
| ||||||
1 | ![]() | Bogotá | Cundinamarca | 7,715,778 | 11 | ![]() | Villavicencio | Meta | 531,275 | |||
2 | ![]() | Medellín | Antioquia | 2,490,164 | 12 | ![]() | Ibagué | Tolima | 501,991 | |||
3 | ![]() | Cali | Valle del Cauca | 2,205,680 | 13 | ![]() | Santa Marta | Magdalena | 484,025 | |||
4 | ![]() | Barranquilla | Atlántico | 1,273,646 | 14 | ![]() | Valledupar | Cesar | 468,165 | |||
5 | ![]() | Cartagena de Indias | Bolívar | 914,552 | 15 | ![]() | Manizales | Caldas | 420,933 | |||
6 | ![]() | Cúcuta | Norte de Santander | 777,106 | 16 | ![]() | Pereira | Risaralda | 399,283 | |||
7 | ![]() | Soledad | Atlántico | 664,141 | 17 | ![]() | Montería | Córdoba | 395,184 | |||
8 | ![]() | Bucaramanga | Santander | 597,316 | 18 | ![]() | Neiva | Huila | 340,512 | |||
9 | ![]() | Soacha | Cundinamarca | 567,546 | 19 | ![]() | Pasto | Nariño | 305,360 | |||
10 | ![]() | Bello | Antioquia | 536,427 | 20 | ![]() | Armenia | Quindío | 297,052 | |||
2020 - DANE |
Tagairtí
- Nuacht RTÉ
- Cruachás na Colóime, Irish TImes, 16 Meitheamh 2009
- Nuacht RTÉ
- dane gov.co. "Censo 2018". Dáta rochtana: 2020.
Tíortha Mheiriceá Theas |
Airgintín, an | Bholaiv, an | Bhrasaíl, an | Cholóim, an | Eacuadór | Ghuáin, an | Paragua | Peiriú | tSile, an | Suranam | Uragua | Veiniséala |
![]() | Is síol faoi thíreolaíocht na Colóime é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |