An Bhulgáiris
Teanga Shlavach í an Bhulgáiris, agus í an-difriúil leis an gcuid is mó de na teangacha Slavacha eile, ós rud é go bhfuil sí tar éis córas díochlaonta na n-ainmfhocal a chailleadh ina iomláine. San am céanna, choinnigh an Bhulgáiris na haimsirí a chuaigh i léig sa chuid eile de na teangacha Slavacha, agus forbraíodh tuilleadh acu faoi thionchar na Gréigise agus na dteangacha Balcánacha - tá infhilleadh na mbriathar i bhfad níos casta sa Bhulgáiris ná sna teangacha Slavacha eile, agus a lán aimsirí comhshuite ann. Ón taobh eile de, áfach, chuaigh infinideach an bhriathair i léig sa Bhulgáiris go hiomlán. Níl ach an Mhacadóinis cosúil leis an mBulgáiris ó thaobh na gramadaí de, ach ansin, is iomaí Bulgárach a deir nach bhfuil sa Mhacadóinis ach canúint Bulgáirise.
български език | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 9,000,000 (2014) |
Á labhairt | Na Balcáin |
Dúchasach do | An Bhulgáir, Xanthi Prefecture (en) , Pirot District (en) agus Edirne Province (en) |
Stáit | An Bhulgáir, An Mhacadóin Thuaidh, An Úcráin, An tSeirbia, An Rómáin, an Ghréig, An Tuirc, An Mholdóiv, An Albáin agus An Rúis |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teanga Bailtic-Slavacha Teangacha Slavacha Teangacha Slavacha an Deiscirt | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Bulgarian alphabet (en) , Bulgarian Braille (en) agus Aibítir Choireallach |
Institiúid caighdeánaithe | Institute for Bulgarian Language (en) |
Staidéar ag | Bulgarian philology (en) agus Bulgarian studies (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | bg |
ISO 639-2 | bul |
ISO 639-3 | bul |
Glottolog | bulg1262 |
Linguasphere | 53-AAA-hb |
Ethnologue | bul |
ASCL | 3502 |
IETF | bg |
Is í an chéad teanga liteartha a bhí á saothrú ag na Bulgáraigh ná an tSean-Slaivis Eaglasta, a dtugtar Sean-Bhulgáiris uirthi chomh maith. Níos déanaí, go háirithe sa cheathrú haois déag, bhítí ag scríobh agus ag foilsiú téacsanna i Meán-Bhulgáiris, nach raibh ina teanga aonadach ar aon dóigh: ní raibh ann ach meascán den tSean-Slaivis Eaglasta agus de chaint na ndaoine, agus bhí a thuairim féin ag cách faoin dóigh cheart leis an dá chuid seo a mheascadh.
Tháinig an Nua-Bhulgáiris, a bhfuil a gramadach múnlaithe ar chaint na ndaoine, ar an bhfód sa 19ú haois. San am seo, áfach, bhí caint na ndaoine tar éis cuid mhór focal iasachta a fháil ón Tuircis, rud nár thaitin leis na Náisiúnaithe. Mar sin, tugadh isteach cuid mhór focal léannta ón tSean-Slaivis agus ón Rúisis féin sa teanga scríofa.
Is í an t-aon aibítir amháin a úsáidtear sa Bhulgáiris inniu ná an aibítir Choireallach. I ndiaidh leasú na haibítire sa bhliain 1945, nuair a caitheadh na litreacha úd ѣ /æː/ agus ѫ /ɔ̃/ i dtraipisí, is ionann litreacha na Bulgáirise agus na Rúisise. Scéal eile é, áfach, go bhfuil difríochtaí san fhuaimniú. Fuaimnítear Щ щ na Bulgáirise mar /ʃt/ ("sht" de réir litriú an Bhéarla), agus maidir leis an "gcomhartha crua" Ъ ъ /ɤ̞/, /ə/, nach bhfuil ann sa Rúisis ach comhartha a sheasann do theorainn idir dhá shiolla, fuaimnítear mar ghuta doiléir ("guta cúnta") é sa Bhulgáiris.
А а /a/ | Б б /b/ | В в /v/ | Г г /g/ | Д д /d/ | Е е /ɛ/ | Ж ж /ʒ/ | З з /z/ | И и /i/ | Й й /j/ |
К к /k/ | Л л /l/ | М м /m/ | Н н /n/ | О о /ɔ/ | П п /p/ | Р р /r/ | С с /s/ | Т т /t/ | У у /u/ |
Ф ф /f/ | Х х /x/ | Ц ц /ʦ/ | Ч ч /tʃ/ | Ш ш /ʃ/ | Щ щ /ʃt/ | Ъ ъ /ɤ̞/, /ə/ | Ь ь /◌ʲ/ | Ю ю /ju/ | Я я /ja/ |
Tagairtí
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |