An Bhaváir
Is í an Bhaváir, nó Saorstát na Baváire (Gearmáinis: Freistaat Bayern) an stát is faide ó dheas sa Ghearmáin. Is í München an phríomhchathair. Is í an Bhaváir an dara stát Gearmánach is mó daonra (is é an stát Nordrhein-Westfalen an ceann is mó daonra). Tá an Bhaváir ag críochantacht leis na stáit Ghearmánacha Hessen, Baden-Württemberg, Thüringen, agus an tSacsóin. Thairis sin, tá teorainneacha aici le Poblacht na Seice, leis an Ostair, agus leis an Eilvéis.
An Bhaváir | |||||
---|---|---|---|---|---|
Freistaat Bayern (de) | |||||
|
|||||
Aintiún | Bayernhymne | ||||
Ainmnithe in ómós | Bajuwari (en) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ghearmáin | ||||
Príomhchathair | München | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 13,124,737 (2019) | ||||
• Dlús | 186.03 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | Standard High German (en) an Bhaváiris | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Deisceart na Gearmáine | ||||
Achar dromchla | 70,551 km² | ||||
• Uisce | 2 % | ||||
Airde | 503 m | ||||
Pointe is airde | Zugspitze (2,962.06 m) | ||||
Pointe is ísle | Kahl am Main (en) (110 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ríocht na Baváire | ||||
Cruthú | 12 Eanáir 1919 | ||||
Saoire phoiblí | Eipeafáine (6 Eanáir) Feast of Corpus Christi (en) (Easter + 60 days (en) ) Lá Fhéile na Naomh Uile (1 Samhain) Reformation Day (en) (31 Deireadh Fómhair) Deastógáil Muire An Athbhliain (1 Eanáir) Aoine an Chéasta (2 lá roimh an Cháisc) Luan Cásca (Easter + 1 day (en) ) Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe (1 Bealtaine) Deascabháil (An Cháisc + 39 lá) Luan Cincíse (Easter + 50 days (en) ) An Nollaig (25 Nollaig) Second Day of Christmas (en) (26 Nollaig) | ||||
Éarlamh | Muire | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Baváire | ||||
Comhlacht reachtach | Landtag na Baváire | ||||
• Minister-President of Bavaria (en) | Markus Söder (2018–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Bhunreachtúil na Baváire | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Buiséad | 71,424,666,800 € (2023) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .bayern (en) | ||||
Cód ISO 3166-2 | DE-BY | ||||
Cód NUTS | DE2 | ||||
German regional key (en) | 09 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | bayern.de | ||||
Tá tailte ag an mBaváir san Ostair - na Saalforste, mar a thugtar orthu. Is é sin, is le stát na Baváire iad ó thaobh na húinéireachta de, ach san am céanna, tá siad suite taobh istigh de chríocha na hOstaire.
Go traidisiúnta, roinntear Saorstát na Baváire ina thrí chúige, mar atá, Allgäu - an Sváib Baváireach (Allgäu - Bayerische Schwaben), an Fhrancóin (Franken), an Bhaváir Uachtarach (Oberbayern), agus Oirthear na Baváire (Ostbayern). Is codanna den tSean-Bhaváir iad an Bhaváir Uachtarach (Oberbayern), an Bhaváir Íochtarach (Niederbayern), agus an Phalaitíneáit Thuas (Oberpfalz).
Is cathracha móra eile sa Bhaváir iad Nürnberg, Augsburg, Regensburg agus Ingolstadt.
Tá clú agus cáil ar an mBaváir mar gheall ar na hAlpa Baváireacha (Bayerische Alpen) sa Bhaváir Uachtarach. Is é Zugspitze an sliabh is airde, 2962m os cionn leibhéal na farraige. Bhí na Cluichí Oilimpeacha Gheimhridh ar siúl ansin i 1936, in Garmisch-Partenkirchen, baile gar don Zugspitze.
Naisc Sheachtracha
- Zugspitze
- teach ósta sa Bhaváir Uachtarach
- München
- Bayerischer Wald (Foraois na Baváire)
Tagairtí
Is síol faoi thíreolaíocht na Gearmáine é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |