An Béar Beag
Is é an Béar Beag an réaltbhuíon is faide ó thuaidh ar an leathsféar neamhaí thuaidh. Ursa Minor an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn an béar níos lú. Tá an réaltbhuíon seo ar na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha, agus is ceann í freisin de na 48 seanréaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes. Is suntasach í mar shuíomh an phoil neamhaí thuaidh, ach tiocfaidh athrú ar an gcás seo i gceann dhá chéad bliain nó mar sin mar gheall ar torthaí na luainíochta (nó réamhtheachtas na n-eacaineachtaí).
![]() an Béar Beag | |
Ainm Laidine (IAU) | Ursa Minor |
---|---|
Nod | UMi |
Ginideach Laidine | Ursae Minoris |
Siombalaíocht | an béar beag |
Dronairde | 15 h |
Diallas | 70° |
Achar | 256 céim cearnach Céim 56ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 2 |
Réalta is gile | Polaris (méid 2.02) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −10° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meitheamh an infheictheacht is fearr |
Príomhghnéithe
![](../I/Ursamajor-guide.jpg.webp)
- an Liach Bheag: ar réaltbhuíon an Bhéir Bhig a fhaightear an astaireacht sin dá ngairtear go comhráitheach an Liach Bheag toisc go bhfuil cruth léiche ar na seacht réalta is gile dá cuid. Is í Polaris, nó an Réalta Thuaidh, an réalta atá ar cheann lámh na léiche. I ré na Sean-Róimhe tugadh Septentriones go coitianta ar na seacht réalta a chomhrinne an Liach Mhór, ach uaireanta thugtaí an t-ainm céanna freisin ar seacht réalta na Léiche Bige. As Laidin, ciallaíonn Septentriones "seacht ndamh an chéachta" go litriúil, ach "an tuaisceart" ab fhíorbhrí leis.
- Polaris (α UMi): ollfhathach buí ar aicme speictreach F7 agus ar méid 2.02. Is féidir Polaris a aimsiú trí leanúint den líne a théann idir na Réaltaí Treoracha (.i. an dá réalta ar réaltbhuíon an Bhéir Mhóir dá ngairtear Dubhe agus Merak, a chomhdhéanann i dteannta cúig réalta eile astaireacht na Léiche Móire). Féach an íomhá ar dheis.
- β UMi (Kochab): fathachréalta fhlannbhuí; ar aicme speictreach K4; ar méid 2.08
- &ganma; UMi: réalta dhúbailte optúil ar féidir í a scoilteadh le deshúiligh.
- η UMi: réalta dhúbailte optúil ar féidir í a scoilteadh le déshúiligh.
Réada suntasacha domhainspéire
- Abhacréaltra an Bhéir Bhig.
Réaltaí
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
- 1/α¹ UMi 1.97: Polaris nó an Réalta Thuaidh nó Lodestar nó Alruccabah nó Alruccaba nó Cynosura nó Cynosure nó Phoenice nó Tramontana nó Angel Stern nó Navigatoria nó Star of Arcady nó Yilduz nó Mismar nó Polyarnaya
- 7/β UMi 2.07: Kochab nó Kokab nó Kochah
- < Araibis الكوكب الشمالي (az-kawkab aš-šamāliyy) = an Réalta Thuaidh (go beacht Rinn Neimhe) [mar a thugtaí uirthi nuair a bhí an réalta seo ar an Réalta Thuaidh míle bliain roimh Chríost]
- 7/β UMi 2.07: Kochab nó Kokab nó Kochah
- 13/γ UMi 3.00: Pherkad nó Pherkad Major
- < Araibis فرقد (farqad) = Gamhain < ? (alifa al farkadayn) = an Ceann is Doiléire den Dá Ghamhain [i dteannta an réalta is gile Kochab]
- 13/γ UMi 3.00: Pherkad nó Pherkad Major
- 23/δ UMi 4.36: Yildun nó Gildun nó Yilduz nó Vildiur
- < Tuircis yıldız = Réalta
- 23/δ UMi 4.36: Yildun nó Gildun nó Yilduz nó Vildiur
- 16/ζ Umi 4.29: Alifa al Farkadain
- < Araibis ? (alifa al farkadayn) = an Ceann is Doiléire den Dá Ghamhain [ainm a tugadh ar dtús ar Pherkad]
- 16/ζ Umi 4.29: Alifa al Farkadain
- 21/η UMi 4.95: Anwar al Farkadain nó Alasco
- < Araibis ? (anwar al-farkadayn) = an Ceann Geal den Dá Ghamhain [ainm a tugadh ar dtús ar Kochab]
- 21/η UMi 4.95: Anwar al Farkadain nó Alasco
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
- α¹/1 UMi 1.97; α² UMi 8.60; β/7 UMi 2.07; γ/13 UMi 3.00; δ/23 UMi 4.36; ε/22 UMi 4.21; ζ/16 UMi 4.29; η/21 UMi 4.95; θ/15 UMi 5.00; λ UMi 6.31; π1 UMi – dúbailte 6.57, 7.53; π2 UMi 6.89
- Réaltaí a bhfuil ainmneacha Flamsteed orthu:
- 1/α UMi 1.97; 2 UMi 4.24; 3 UMi 6.43; 4 UMi 4.80; 5 UMi 4.25; 7/β UMi 2.07; 8 UMi 6.83; 9 UMi 6.64; 11 UMi 5.02; 13/γ UMi 3.00; 14 UMi 7.52; 15/θ UMi 5.00; 16/ζ UMi 4.29; 18 UMi 5.73; 19 UMi 5.48; 20 UMi 6.36; 21/η UMi 4.95; 22/ε UMi 4.21; 23/δ UMi 4.36; 24 UMi 5.78
Stair
Deirtear gurbh é saoi na Sean-Gréige Tailéas as Miléiteas a thug isteach an réaltbhuíon seo sa 6ú aois R.C., ach is cinnte gur bhaineadh mairnéalaigh úsáid aisti mar threoir neamhaí i bhfad roimhe sin.
Anallód, tugadh Sciathán an Dragain ar an mBéar Beag, agus féachadh air mar phíosa de réaltbhuíon an Dragain.
Miotaseolaíocht
Tá scothchosúlacht bhéir (agus eireaball an-fhada amach is amach air) ar réaltbhuíon an Bhéir Bhig má chuirtear san áireamh réaltaí doiléire atá infheicthe fós ag an tsúil fhornocht. Dá bhrí sin, i dteannta réaltbhuíon an Bhéir Mhóir in aice láithreach, tá baint éigin aige le bunús mhiotas Callisto. Deirtear gur fadaíodh an t-eireaball thar an norm toisc gur chuirtí an Béar ar casadh ar a eireaball arís agus arís eile timpeall an phoil thuaidh.
Níos luaithe ná sin, áfach, d'fheachtaí ar na seacht réaltaí ab ghile de chuid na réaltbhuíne seo mar sheachtar deirfiúracha. De réir mhiotaseolaíocht luath na Gréige, ionannaíodh na seacht réalta de chuid an Bhéir Bhig leis na Heispíridí, iníonacha Atláis. I dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach na Meá (.i. an tAoire, an Béar Mór, agus an Dragan), is cosúil go bhfuil baint éigin ag an mBéar Beag le bunús mhiotas úlla na Heispirídí, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.
De réir cultúr éagsúil eile ba é an Béar Beag an poll a raibh imthaca acastóir an Domhain ann. De réir na réalteolaíochta Hiondúiche, is é Dhruva é an Réalta Thuaidh, a chiallaíonn "pol" sa lá atá inniu ann; baineann scéal leis an fear seo a aithrisíonn conas mar a rinneadh réalta de.
Naisc sheachtracha
- Yale Bright Star Catalog
- an Béar Beag ar shuíomh Robin Gatter Curtha i gcartlann 2005-03-20 ar an Wayback Machine
- Ian Ridpaths's Star Tales
- an Béar Beag agus Miotaseolaíocht an Domhain Curtha i gcartlann 2005-08-25 ar an Wayback Machine
- an Béar Beag ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Béar Beag Curtha i gcartlann 2005-09-03 ar an Wayback Machine
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Béar Beag
Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |