An Altóir

Is réaltbhuíon dhoiléir ó dheas í an Altóir idir réaltbhuíon an Cheinteáir agus ceann an Fhaolchú. As Laidin tugtar Ara uirthi, sin le rá altóir.

An Altóir
an Altóir
an Altóir
Ainm Laidine (IAU)Ara
NodAra
Ginideach LaidineArae
Siombalaíochtan Altóir
Dronairde17.39 h
Diallas−53.58°
Achar237 céim cearnach
Céim 63ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
1
Réalta is gileβ Ara
(méid 2.9)
DreigecheathannaDada
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +25° agus 90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr

Príomhghnéithe

  • β Ara: tá an réalta seo – an réalt is gile de chuid na hAltóra – ar méid dhealraitheach 2.9.
  • γ Ara: is réalta dhúbailte í seo, atá díreach ó dheas de β.
  • μ Ara: ceaptar go bhfuil trí phláinéad ar a laghad ag fithisiú an réalta seo, agus ceann acu de nádúr carraigeach de réir cosúlachta.


Réada suntasacha domhainspéire

  • NGC 6397: téann Bealach na Bó Finne thar taobh thiar thuaidh na hAltóra, áit a bhfuil go leor réaltbhraislí oscailte is réaltnéalta idirleata inti. Tá NGC 6397 ar an gceann is gile i measc na réaltbhraislí cruinneogacha san Altóir; tá an bhraisle seo 8,200 solasbhliain i bhfad ón ngrianchóras s'againne agus b'fhéidir go bhfuil sí ar an gceann is giorra i measc braislí de shaghas sin.
  • NGC 6193: réaltbhraisle oscailte


Stair

Dealaíodh an réaltbhuíon seo ón gCeinteár agus ón bhFaolchú trí idirchur réaltbhuíon na Rialach, a chum an tAb Nicolas Louis de Lacaille sa bhliain 1790.

Miotaseolaíocht

Ionannaíodh an Altóir, léirithe bunoscionn de ghnáth ach uaireanta ina seasamh agus an deatach ag éalú isteach i mBealach na Bó Finne, le haltóir an cheinteáir Chiron; Ara Centauri an seanainm Laidine a bhí uirthi san am fadó. Ó am go chéile thugtaí altóir Dhiníosais uirthi. Ós rud é, áfach, nár aithníodh agus nár tionscnaíodh an réaltbhuíon go dtí an t-ochtú aois déag, is dócha nach raibh aon ghaol idir réigiún seo na spéartha agus creidimh na Sean-Ghréagaigh, ach amháin an gaol a d'fhionn cumadóir na réaltbhuíne.

Réaltaí

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
  • α Ara 2.95: ChooTchou
    < 杵 (Mandairínis chǔ) = an Tuairgnín
  • δ Ara 3.62: Tseen Yin
    < 天陰 (Mandairínis tiānyīn) = an Spéir Dhorcha (ar réaltbhuíon an Reithe?)
  • ε¹ Ara 4.06: Tso Kang
    < 左更 (Mandairínis zuŏgēng) = an Fhaire ar an Taobh Clé (ar réaltbhuíon an Reithe?)
  • ζ Ara 3.12: Tseen Yin
    < 天陰 (Mandairínis tiānyīn) = an Spéir Dhorcha (ar réaltbhuíon an Reithe?)
    Nod leat go dtugtar an t-ainm chéanna ar δ Arae
Réaltaí a bhfuil ainmneacha Bayer orthu:
α Ara 2.95; β Ara 2.85; γ Ara 3.34; δ Ara 3.62; ε¹ Ara 4.06; ε² Ara 5.29; ζ Ara 3.13; η Ara 3.76; θ Ara 3.66; ι Ara 5.25; κ Ara 5.23; λ Ara 4.77; μ Ara 5.15; ν¹ Ara 5.66; ν² Ara 6.09; π Ara 5.25; 1/σ Ara 4.59
Réaltaí a bhfuil uimhreacha Flamsteed orthu:
1/σ Ara 4.59
Réaltaí suntasacha eile:
  • R Arae 6.00-7.00 – déréalta uraitheach agus déréalta infheicthe

Féach fosta

  • Sonraí réaltmhéadracha ag baint leis an Altóir

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.


Réaltbhuíonta a d'athraigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille san 18ú aois

an Long | roinnte mar seo: | an Chíle | Deireadh na Loinge | Compás an Mhairnéalaigh | na Seolta
an Teileascóp | curtha i gceann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt
an Abhainn | roinnte mar seo: | an Abhainn | an Fhoirnéis
an Compás | curtha i geann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Ceinteár | an Faolchú


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.