An Airgnigh
Baile i gContae Ros Comáin is ea An Airgnigh[1] (Arigna as Béarla). Tá an sráidbhaile seo suite cóngarach do Loch Aillionn (ar Uiscebhealach na Sionainne is na hÉirne), ar bhealach scéimhe idir Céideadh agus Sliabh an Iarainn.
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae Ros Comáin ![]() | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 86 m ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 42911 |
Eacnamaíocht
Go dtí fiche bliain ó shin bhí mianach guail san Airgnigh le breis is 400 daoine ag obair ansin. Sa lá atá inniu ann, tá iarsmalann bheag ann ina bhfuil hiarsmaí ón tionscal mianadóireachta, agus is féidir le cuairteoirí dul síos sa mianach chun na coinníollacha a bhí ag na mianadóirí a mhothú.
Iompar
Osclaíodh Iarnród na hAirgní ar an 2ú lá de mhí Bealtaine, 1888, agus dúnadh sé faoi dheireadh ar an 1 lá de mhí Aibreán, 1959. Ba chuid den iarnród caol Cabháin-Liatroma é.
Tagairtí
- “An Airgnigh/Arigna | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
![]() | Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.