An Abhainn

an Abhainn (Eridanus as Laidin) ar an séú réaltbhuíon is mó de na 88 réaltbhuíon a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Bhí sé freisin ar cheann de na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes. Tá an réaltbhuíon seo suite ar an leathsféar neamhaí theas.

An Abhainn
an Abhainn
an Abhainn
Ainm Laidine (IAU)Eridanus
NodEri
Ginideach LaidineEridani
Siombalaíochtan abhainn
Dronairde3.25 h
Diallas-29°
Achar1138 céim cearnach
Céim 6ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
4
Réalta is gileAchernar (α Eri)
(méid 0.50)
Dreigecheathanna
  • Delta Eridainidí
  • Epsilon Eridainidí
  • Pi Eridainidí
  • Eridainidí Lúnasa
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +32° agus 90°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Nollaig an infheictheacht is fearr


Príomhghnéithe

  • α Eri, dá ngairtear freisin Achernar: tá sé ar amharcmhéid 0.50 agus is é B3 Vpe a aicme speictreach. Is réalta an-aisteach é Achernar: tá sé ar cheann de na réaltaí is leacaithe sa spéir. Is cosúil go bhfuil trastomhas a mheánchiorcail 50% níos mó ná a thrastomhas polach. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil Achernar ag casadh go han-tapaidh.
  • β Eri (Cursa): A3 III a aicme speictreach agus soilsíonn sé le gile dhealraitheach ar méid 2.79v.
  • γ Eri (Zaurak): den aicme speictreach M1 IIIb, agus ar amharcmhéid 2.98v. Is réalta athraitheach é Zaurak, agus réalta dhúbailte optúil chomh maith.
  • ε Eri: Tá an réalta athraitheach seo ar an tríú réalta is cóngaraí don Ghrian; níl sé ach 10.5 solasbhliain i bhfad uainn. K2 V a aicme speictreach agus 3.78v a amharcmhéid. Is réalta athraitheach BY Draconis é, agus is cosúil go bhfuil pláinéad eachtarghréine in aice leis.
  • θ Eri (Acamar): is A-réalta bán an réalta dhúbailte seo ar amharcmhéid 3.4, in éineacht le A-réalta eile atá ar méid 4.5; 2.9 an amharcmhéid chomhtháite. Is furasta an péire optúil seo a scoilteadh le teileascóip bheaga. Ar chatalóg Tholamaes, is réalta den chéad mhéid í seo!
  • ο2 Eri (Keid): is tríréalta shuntasach é seo. Tá an príomhréalta ar méid 4.43 agus ar aicme speictreach G9. Is abhac bán é an dara comhbhaill, ar méid 9.52, agus is bladhmréalta an tríú comhbhaill, ar méid 11.17.
  • 32 Eri: réalta dhúbailte.


Réada suntasacha domhainspéire

  • NGC 1300: réaltra bíseach barrach
  • NGC 1535: réaltnéal pláinéadach, ar méid 9.6, a d'aimsigh Wilhelm Herschel sa bhliain 1785. Tá an lárréalta ar amharcmhéid 12.18; 8.7 an gile dhromchla.
  • Grúpa Eridanus: tá a lán réaltraí le feiceáil ar réaltbhuíon na hAbhann. Grúpa Eridanus, nó Fornax II, a thugtar ar bhraisle réaltraí a chuimsíonn réaltraí ón dá thaobh den teorainn idir an Abhainn agus an Fhoirnéis.


Miotaseolaíocht

Tá baint speisialta ag an Abhainn le dhá mhiotas na Gréige, agus is dócha go mbaineann an dá cheann acu le cruth na réaltbhuíne seo (.i. slí an-chasta). Uaireanta d'fheictí ar Eridanus mar abhainn a rith as uiscí an Uisceadóra; sa chás seo, caithfidh go samhlaítear an tUisceadóir agus é ag tabhairt a aghaidhe ar an Abhainn, rud nach féidir a dhéanamh gan dealramh an Uisceadóra a athchum i gcaoi go scairdeann an t-uisce amach ar an taobh céanna den Abhainn.

Go coitianta baineann réaltbhuíon na Abhann le miotas Faetón, mac Héilias (.i. na Gréine), a bhain triail as carbad a athar a thiomáint lá amháin, ach ní raibh an méid sin nirt aige na capaill a smachtú, agus sciurd an carbad i ngach treo. Deireadh an scéil ná gur tháinig an carbad ró-ghar don domhan; chlaochlaíodh ranna den domhain go gaineamhlach agus dódh craiceann na daoine a bhí ina gcónaí sna ranna úd (agus is é sin is cúis le craiceann gorm na nAetóipeach, de réir na seanghréagach). Chuir Séas isteach ag an bpointe seo; leag sé Faetón marbh le saighneán, agus thit sé isteach in abhainn Pó san Iodáil.

Ar dtús ionannaíodh an réaltbhuíon leis an slí a bhreac Faetón ar an spéir, ach ina dhiaidh sin chonacthas uirthi mar an abhainn ar thit Faetón isteach inti.

Réaltaí

Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
  • α Eri 0.45 Achernar < آخر النهر Ākhir al-Nahr = Críoch na hAbhann
  • 67/β Eri 2.78 Cursa [Kursa] nó Dhalim
  • 34/γ Eri 2.97 Zaurak [Zaurac, Zaurack] < زورق zawraq = Bád
  • 23/δ Eri 3.52 Rana
  • 13/ζ Eri 4.80 Zibal < ? = an Ostrais
  • 3/η Eri 3.89 Azha (?) ainm truaillithe ó Pheirsis آشيانه āšiyāne = Nead na hOstraise
  • θ Eri Acamar – dúbailte 3.89, 4.35 < آخر النهر ākhir an-nahr = Críoch na hAbhann [ainmníodh é sular cuireadh Achernar san áireamh], agus truaillíodh rn go m.
  • ο Eri
    • 38/ο¹ Eri 4.04 Beid < بيض baiđ̧ = Ubh (na hOstraise)
    • 40/ο² Eri Keid [Kied] – tríréalta 4.43, 9.5; i measc na réaltaí is gaire < ? al-qayd = Blaoscanna (na hUibhe)
  • 2/τ² Eri 4.76 Angetenar [Al Anchat, Anchenet, Hinayat (al Nahr)] < عوجة النهر cawjat[u] an-nahr = Cam na hAbhann
  • υ Eri
    • 52/υ¹ Eri 4.49 Theemin [Beemin]
    • 52/υ² Eri 3.82 Beemin [Theemin]
  • 53/l Eri 3.86 Sceptrum, mar ba é seo an réalta is gile ar Sceptrum Brandenburgicum, réaltbhuíon caillte.
Réaltaí a bhfuil ainmnithe Bayer orthu:
α Eri 0.45; 67/β Eri 2.78; 34/γ Eri 2.97; 23/δ Eri 3.52; 18/ε Eri 3.72; 13/ζ Eri 4.80; 3/η Eri 3.89; θ1 Eri 3.89; θ2 Eri 4.35; ι Eri 4.11; κ Eri 4.24; 69/λ Eri 4.25; 57/μ Eri 4.01; 48/ν Eri 3.93; 42/ξ Eri 5.17; 38/ο¹ Eri 4.04; 40/ο² Eri 4.43; 26/π Eri 4.43; 8/ρ1 Eri 5.75; 9/ρ2 Eri 5.32; 10/ρ3 Eri 5.26; 1/τ1 Eri 4.47; 2/τ2 Eri 4.76; 11/τ3 Eri 4.08; 16/τ4 Eri 3.70; 19/τ5 Eri 4.26; 27/τ6 Eri 4.22; 28/τ7 Eri 5.24; 33/τ8 Eri 4.64; 36/τ9 Eri 4.62; 50/υ¹ Eri 4.49; 52/υ² Eri 3.82; 41/υ4 Eri 3.55; φ Eri 3.56; χ Eri 3.69; 65/ψ Eri 4.80; 61/ω Eri 4.36; 62/b Eri 5.50; 51/c Eri 5.22; 43/d Eri  dúbailte 3.97, 5.85; 82/e Eri 4.26; f Eri  dúbailte: 4.30, 4.73; g Eri 4.17; h Eri 4.59; i Eri 5.11; p Eri  dúbailte 5.76, 5.76; q1 Eri 5.52; q2 Eri 5.04; 17/v Eri 4.74; 32/w Eri  dúbailte: 4.79, 6.14; y Eri 4.57
Réaltaí a bhfuil ainmnithe Flamsteed orthu:
1/τ1 Eri 4.47; 2/τ2 Eri 4.76; 3/η Eri 3.89; 4 Eri 5.44; 5 Eri 5.56; 6 Eri 5.82; 7 Eri 6.11; 8/ρ1 Eri 5.75; 9/ρ2 Eri 5.32; 10/ρ3 Eri 5.26; 11/τ3 Eri 4.08; 13/ζ Eri 4.80; 14 Eri 6.14; 15 Eri 4.86; 16/τ4 Eri 3.70; 17/v Eri 4.73; 18/ε Eri 3.72; 19/τ5 Eri 4.26; 20 Eri 5.24; 21 Eri 5.97; 22 Eri 5.53; 23/δ Eri 3.52; 24 Eri 5.24; 25 Eri 5.56; 26/π Eri 4.43; 27/τ6 Eri 4.22; 28/τ7 Eri 5.24; 29 Eri 7.10; 30 Eri 5.48; 32/w Eri  dúbailte: 4.79,  6.14; 33/τ8 Eri 4.64; 34/γ Eri 2.97; 35 Eri 5.28; 36/τ9 Eri 4.62; 37 Eri 5.44; 38/ο¹ Eri 4.04; 39/39 Eri 4.87; 40/ο² Eri 4.43; 41/υ4 Eri 3.55; 42/ξ Eri 5.17; 43/d Eri  3.96; 44 Eri 5.53; 45 Eri 4.91; 46 Eri 5.71; 47 Eri 5.20; 48/ν Eri 3.93; 49 Eri 5.32; 50/υ¹ Eri 4.49; 51/c Eri 5.23; 52/υ² Eri 3.82; 53/l Eri 3.86; 54 Eri 4.32; 55 Eri 5.98; 56 Eri 5.78; 57/μ Eri 4.01; 58 Eri 5.49; 59 Eri 5.76; 60 Eri 5.03; 61/ω Eri 4.36; 62/b Eri 5.50; 63 Eri 5.39; 64/S Eri 4.74; 65/ψ Eri 4.80; 66 Eri 5.12; 67/β Eri 2.78; 68 Eri 5.11; 69/λ Eri 4.25; 82/e Eri 4.26
Réaltaí suntasacha eile:
  • EF Eri 14.5 - <17.5 – réalta athraitheach mhórchorraíola
  • 12 Eri = Alfa Fornacis

Féach fosta

  • Sonraí réaltmhéadracha ag baint leis an Abhainn

Naisc sheachtreacha

Tagairtí

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.



Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.