An Éigeandáil
An Éigeandáil nó Ré na Práinne, a thugtar ar bhlianta an Dara Cogadh Domhanda in Éirinn (1940-1945). Bhí Tuaisceart Éireann ag glacadh páirt sa chogadh ar nós na Ríochta Aontaithe go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an Saorstát, taobh amuigh den chogadh go hoifigiúil. Mar sin féin, ba neodracht bhréige í ar a lán slite má chuimhnítear ar an bhfaisnéis mhíleata a thugadh rialtas na hÉirinn don Bhreatain agus ar an líon mór fear ón Saorstát a liostáil i bhfórsaí armtha na Breataine. D’fhág an cogadh a rian ar gheilleagar an tSaorstáit agus bhí ciondáil ann.
Cineál | staid éigeandála |
---|---|
Tréimhse | 2 Meán Fómhair 1939 - 1 Meán Fómhair 1976 |
Tír | Éire |
Ar an 19 Feabhra 1939, dúirt De Valera go mbeadh Éíre neodrach (bhí a fhios ag an saol mór ag an am go raibh cúrsaí ag dul in olcas).[2] Ach thosaigh Ré na Práinne b'fhéidir nuair a achtaíodh an tAcht Cumhachtaí Práinne (Emergency Powers Act) in Éirinn ar an 3 Meán Fómhair 1939.
Na cúiseanna
Ar an 1 Meán Fómhair 1939, rinne saighdiúirí Gearmánacha ionradh ar an bPolainn, rud a chuir tús le cogadh leis an mBreatain, an Fhrainc agus tíortha eile. Ar an 2 Meán Fómhair dúirt de Valera le Dáil Éireann gurbh fhearr don tír a bheith neodrach. D’aontaigh formhór na Dála agus an phobail leis (cé go ndeachaigh a lán fear isteach i bhfórsaí na Breataine). Ghlac an rialtas smacht ar an ngeilleagar agus cuireadh cinsireacht dhian ar bun: bacadh eolas a fhoilsiú, mar shampla, ar líon na nÉireannach i bhfórsaí na Breataine nó ar stailceanna sa bhaile.[3] Ghníomhaigh de Valera féin mar Aire Gnóthaí Eachtracha.
D’fhág tosú an Dara Cogadh Domhanda an stát agus de Valera i bpráinn. Bhí an Bhreatain agus na Stáit Aontaithe ag cur brú ar Éirinn a bheith páirteach sa chogadh, nó ligean do na Comhghuaillithe na calaí a úsáid. Ach bhí cuid mhaith den phobal i gcoinne dul chun cainte leis an mBreatain agus roinnt acu báúil leis an nGearmáin dá bharr. B’fhearr le de Valera an neodracht, cé gur cuireadh i bhfeidhm í ar bhealach a chuaigh ar sochar do na Comhghuaillithe níos mó ná don Ghearmáin.
D'fhógraítí go hoscailte aon amharc a gheofaí ar fhomhuireáin, agus cuireadh spiaireacht eachtrannach faoi chois. Ligeadh saor aon aerchriú Briotanach a thuirling de thuairt, ach rinneadh Gearmánaigh a chur i ngéibheann.[4] Bhí cead ag meicneoirí de chuid na gComhghuailleach eitleáin bhriste a thabhairt leo. Chuaigh seirbhísí na hÉireann agus na Breataine i gcomhar le chéile agus fuair na húdaráis Bhriotanacha fógraí cuimsitheacha faoi aimsir san Atlantach; rinneadh cinneadh ionradh D-Day a dhéanamh de bharr fógra aimsire ó Chuan an Fhóid Duibh i gContae Mhaigh Eo.[5] Meastar go raibh idir 43,000 agus 150,000 fear ó Éirinn sna fórsaí Briotanacha agus timpeall a leithe ón deisceart.[6] Mar sin féin, rinne de Valera bás Hitler a chású leis an ambasadóir Gearmánach de réir comhghnáis taidhleoireachta.
Bhí rialtas na Breataine sásta Éire aontaithe a ghealladh ach cabhair a fháil ó Éirinn. Dhiúltaigh de Valera don tairiscint ar eagla na conspóide a leanfadh sa bhaile í. Chomh maith leis sin, shíl an rialtas, faoi anáil Joseph Walshe, Rúnaí Gníomhach na Roinne Gnóthaí Eachtracha, go mbuafaí ar an mBreatain.[7][8] Mar sin féin, chuaigh Walshe agus an Coirnéal Liam Archer ón Rannóg Faisnéise Míleata i gcomhairle lena leithéidí i dTuaisceart Éireann faoi chosaint na hÉireann dá ndéanfadh na Gearmánaigh ionradh, agus rinneadh plean straitéiseach ginearálta le haghaidh gníomhaíocht Bhriotanach trasna na teorann “ar chuireadh”.
Neodracht na hÉireann
Sna 1930idí, d'fhógair Éamon de Valera go bhfanfadh an tír amach ón gcogadh, agus an tír ag cloí le polasaí dian na neodrachta. Chuir Winston Churchill agus rialtas na Breataine an-bhrú air dul chun cogaidh i gcoinne na nGearmánach. Meastar go raibh de Valera ag iarraidh a thaispeáint don tsaol mhór gur tír neamhspleách í Éire. Ach is féidir a rá nárbh fhíor-neodracht í in aon chor, ach "neodracht i bhfabhar leis na Comhghuallaithe"[9]. Mar shampla:
- Thug rialtas na hÉireann cabhair do na comhghuaillithe. Bhí siad i dtuilleamaí eolas meitéareolaíochta ó Éirinn leis an lá ceart a shocrú d'ionsaí an D-Day.
- Thug rialtas na hÉireann cead do na comhghuaillithe eitleáin a eitilt ón mbunáit mhíleata ag Caisleán Archdale ar Loch Éirne i gContae Fhear Manach thar Dhún na nGall go dtí an fharraige hhór.
- Thug rialtas na hÉireann cead don Ambasadóir Gearmánach Eduard Hempel úsáid a bhaint as tarchuradóir raidió a bhí in ann tuairisc a dhéanamh ar an aimsir, ar ghluaiseachtaí na dtrúpaí, agus ar thorthaí na ruathar buamála ar an mBreatain go dtí an bhliain 1943.
- Socraíodh scéim nua chun déileáil le píolótaí cogaidh agus lucht míleata eile a thuirling sa Saorstát. Rinneadh idirdhealú idir trúpaí "oibríochta" a cuireadh faoi ghlas agus trúpaí "neamhoibríochta" ar scaoileadh saor leo. Bhí sé de chlaonadh sna húdaráis meas na dtrúpaí neamhoibríochta a bheith acu ar na Comhghuaillithe, ach san am céanna, ba nós leo na trúpaí Gearmánacha a choinneáil faoi ghlas, mar thrúpaí oibríochta.
- Liostáil 45,000 fear ón Saorstát sna saighdiúirí ag na Comhghuaillithe as a stuaim féin (Patrick Clancy agus a dheartháir Tom Clancy ina measc, iar-Óglaigh de chuid an IRA), agus ní dhearna rialtas de Valera a dhath le hiad a stopadh, cé gur chuir sé cosc le daoine roimhe sin páirt a ghlacadh i gCogadh Cathartha na Spáinne.
Éire agus na Giúdaigh
Níorbh ionann dearcadh ag gach Éireannach ar an gcogadh agus ar an drochíde a tugadh do na Giúdaigh. Bhí saontacht éigin le haithint ar chuid de na tuairimí, agus bhí frith-Ghiúdachas le fáil i Luimneach agus i gCill Chainnigh.[10] Bhí a fhios ag de Valera go luath go raibh sléacht á dhéanamh ar Ghiúdaigh na hEorpa.[11] In 1942 dúirt Raibí Herzog le de Valera go raibh Giúdaigh á marú de réir eagair sna campaí. Rinneadh an Taoiseach iarrachtaí ar ghrúpaí éagsúla a tharrtháil, go háirithe grúpaí a raibh páistí le fáil iontu, agus iad a thabhairt go hÉirinn. Ina measc bhí grúpa mór de Ghiúdaigh ón nGearmáin a bhí i ngéibheann in Vittel i limistéar Francach Vichy agus víosaí acu cheana i gcomhair tíortha difriúla i Meiriceá Theas. Bhí de Valera, in éineacht leis na hAirí Éireannacha i mBeirlín, Vichy agus an Vatacáin, ag iarraidh iad a thabhairt slán, agus Giúdaigh ón Iodáil, an Ísiltír, an Ungáir agus an tSlováic a tharrtháil ina dhiaidh sin, ach theip orthu.[12]
Tar éis an chogaidh, ba dheacair do ghrúpaí Giúdacha aitheantas mar theifigh a fháil do pháistí Giúdacha, ach ní raibh constaic roimh cheithre chéad páiste Caitliceach ón Rheinland.[13]
Dúirt an Roinn Dlí agus Cirt mar a leanas:
It has always been the policy of the Minister for Justice to restrict the admission of Jewish aliens, for the reason that any substantial increase in our Jewish population might give rise to an anti-Semitic problem.[14]
Ach rialaigh de Valera i gcoinne na Roinne agus tugadh 150 páiste Giúdach go hÉirinn in 1948. In 1946, thug carthanas Giúdach i Londain 100 páiste ón bPolainn chun Caisleán an Chluainín i gContae na Mí.[15]
An Tuaisceart
De réir mar a deir Thomas Hennessy ina leabhar The History of Northern Ireland, bhí polaiteoirí ceannasacha Thuaisceart Éireann scanraithe as a meabhair ag Hitler, agus iad suite siúráilte go raibh an Naitsíochas ag iarraidh an Chríostaíocht agus an gnáthchuibheas daonna féin a chur de dhroim an tsaoil.
Bhí an Tiarna Craigavon, a fuair bás sa bhliain 1940, ag fiafraí de féin i ndeireadh a shaoil an mbeadh sé sásta an Teorainn a chur ar ceal agus Éire a athaontú, dá rachadh de Valera chun cogaidh in éadan na Gearmáine.
Is é an tátal a bhain sé féin as an scéal go mbeadh, b'fhéidir. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na hAontachtóirí i bhfad ag cromadh ar a gcuid seansciolladóireachta faoi fheall na gCaitliceach, ó d'fhan an chuid eile d'Éirinn neodrach. Sa deireadh, ní dhearna an cogadh ach méadú agus athneartú ar a seandearcadh frith-Chaitliceach.
Geilleagar
Leis an Ríocht Aontaithe is mó a rinneadh Éire trádáil agus uaithi siúd a tháinig an chuid is mó dá lón. Chuaigh an comhchaidreamh idir an dá thír in olcas toisc go raibh an oiread sin long de chuid na gComhghuaillithe á gcur go tóin agus fonn ar an mBreatain feidhm a bhaint as calaí na hÉireann chun a cabhlach agus a cuid eitleán a athbreoslú.[16][17] Níor tháinig feabhas ar an scéal go dtí lár 1941, nuair a rinne an Ghearmáin ionradh ar an Aontas Sóivéadach. Rinne comhaontú a lig d’Éireannaigh dul ag obair sna tionscail chogaidh sa Bhreatain, agus bhí suas le 200,000 Éireannach ag obair ann faoi 1945.[18]
Bhí Éire ag brath go mór ar an mBreatain chun gual, earraí agus ola a fháil, ach tháinig laghdú orthu sin tar éis thitim na Fraince in 1940, rud ba chúis le boilsciú agus le margadh dubh bríomhar. Bhí cruithneacht gann agus bhí gá le ciondáil. Tháinig tífeas ar ais agus i ndeireadh 1941 thosaigh an rialtas ag pleanáil le haghaidh gorta. I mí Mhárta chuir an rialtas cosc ar easpórtáil beorach; socraíodh gur cheart níos mó cruithneachta a chur agus níos lú eorna. Nuair ba dhócha go mbeadh ganntanas beorach ann rinneadh babhtáil idir an dá thír, sa mhéid gur sholáthair an Bhreatain gual agus cruithneacht i gcomhair plúir agus gur sholáthair Éire beoir. Chuidigh seo le hÉire a choinneáil neodrach.[19]
Cultúr
Bhí an meon féinchothaitheach, neamhspleách seo le haithint i gcúrsaí an chultúir freisin. Chuir muintir na hÉireann spéis nua i gcultúr dúchasach na tíre, an Ghaeilge san áireamh, agus tháinig eagraíochtaí nua Gaeilge ar an bhfód, go háirithe Glúin na Buaidhe (leagan Ultach é sin; "Glúin an Bhua" a deirtear sa chaighdeán) a raibh Gearóid Ó Cuinneagáin agus Proinsias Mac an Bheatha i gceannas uirthi. Craobh de chuid an Chonartha a bhí ann ar dtús, Craobh na hAiséirí.
Arm na hÉireann
Méadaíodh an tArm go mór. Bhí na céadta míle daoine óga páirteach san Fhórsa Cosanta Áitiúil chomh maith, agus iad ar an airdeall roimh ionradh ó gach taobh. Nuair a bhí an cogadh thart bronnadh boinn chuimhneacháin orthu agus na focail "Ré na Práinne" scríofa orthu i nGaeilge.
Imtheorannú
D'imtheorannaigh na húdaráis lucht leanúna an IRA ar feadh an chogaidh. Tar éis feachtais bhuamála den IRA sa Bhreatain sa bhliain 1939, ar an 3 Eanáir 1940 rith Rialtas na hÉireann reachtaíocht práinne sa Dáil chun imtheorannú a chur ar bun.[20]
Bunaíodh campa géibhinn dóibh i gCurach Chill Dara, agus iad á gcoinneáil ansin go deireadh an chogaidh. Bhí Máirtín Ó Cadhain ansin chomh maith le duine, agus chaith sé an t-am ag cumadh an úrscéil cháiliúil úd ''Cré na Cille''. Is féidir an t-úrscéal a léamh mar mheafar ar bhlianta an bhraighdeanais.
Féach freisin
Nótaí
- logainm.ie. "Glengad Head". Dáta rochtana: 2024.
- RTÉ
- Girvin, lgh 84 ar aghaidh.
- Fisk, lgh 176-177
- Duggan, lch 180
- Wylie, Neville (2002). "European Neutrals and Non-Belligerents During the Second World War". Cambridge University Press.
- Memorandum, Walshe to de Valera from Joseph P. Walshe to Joseph P. Walshe – 21 June 1940 Curtha i gcartlann 22 Feabhra 2015 ar an Wayback Machine, at the Documents on Irish Foreign Policy website
- Girvin, lgh 124–125
- Scríobh Robert Fisk a thráchtas dochtúireachta ar neodracht na hÉireann le linn an Dara Cogadh Domhanda i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath
- Fisk, lgh 430–431.
- Brian Girvin, “De Valera's Diplomatic Neutrality,” History Today, 56(3), p.50 (2006)
- Robert Tracy, “The Jews of Ireland,” Judaism: A Quarterly Journal of Jewish Life and Thought, Summer, 1999
- Keogh, Dermot, " Jews in Twentieth-Century Ireland: Refugees, Anti-Semitism, and the Holocaust. Cork: Cork University Press, 1998. pp. 209–210. ISBN : 185918149X.
- Department of Justice Memorandum 'Admission of One Hundred Jewish children' 28 April 1948.
- Anti-semitism in Ireland Curtha i gcartlann 21 Samhain 2007 ar an Wayback Machine Institute for Jewish Policy Research and American Jewish Committee
- Girvin, lch 161, 175
- Duggan, lgh 112, 132
- Girvin, lch 179
- Evans, B., "A pint of plain is your only man". History Ireland, vol. 22 no. 5, pp. 36-38.
- Houses of the Oireachtas (2021-08-31). "Find a Debate – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2021-09-03.
Tagairtí
- Girvin, Brian. "Beyond Revisionism? Some Recent Contributions to the Study of Modern Ireland." English Historical Review 124.506 (2009): 94-107.
- Fisk, Robert. In Time of War: Ireland, Ulster and the Price of Neutrality 1939-1945. (London: André Deutsch, 1983; athchlóite i mBÁC ag Gill & MacMillan, 1996)
- O'Hagan, John; O’Toole, Francis; Whelan, Ciara (eag.) (2001). The Economy of Ireland: Policy Making in a Global Context, lgh 36–37. Bloomsbury. ISBN10 1350933813; ISBN13 9781350933811