Ailpín mac Eochach

Rí a mheastar Dhál Riada in iarthar na hAlban ba ea Ailpín mac Eochach (Meán-Ghaeilge Alpín mac Echdach).

Infotaula de personaAilpín mac Eochach
Beathaisnéis
Breith778
Bás834
55/56 bliana d'aois
Gall-Ghàidhealaibh Cuir in eagar ar Wikidata
Ríthe Dhál Riada
831 – 834
 Eóganan mac ÓengusaCoinneach Mac Ailpín  Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteCoinneach Mac Ailpín, Dómhnall mac Ailpín, Griogair mac Ailpín Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEochaid mac Áeda Find  agus Fergusa

Muintir

Níl trácht ar bith ar athair Ailpín, Eochaid IV mar a mheastar, in aon fhoinse comhaimseartha.[1] Deirfiúr agus oidhre Causantín mhic Fhearghasa, rí na gCruithneach ba ea a máhthair.[2] Phós sé le 'banfhlaith Albanach' agus bhí beirt mhac acu.[2]

Feictear Alpín i nginealach déanta sa 10ú haois chun ríthe na hAlban a nascadh le sinsearacha Dhál Riada agus Éireannacha. Sa ghinealach seo, is iad mic Ailpín ná Cináed (Cionnaoth) agus Domhnall.

Réimeas

Dar le hAlison Weir, tháinig Ailpín i gcomharbacht ar a athair Eochaid mac Áeda Find mar rí Alban (.i. Dál Riata), agus d'éirigh fosta ina rí Chinn Tíre i mí Mhárta/Lúnasa 834.[2]

Sa Chroinic leis an staraí Albanach John of Fordun, insítear gutháin "Alpin the son of Achay" i gcoróin sa bhliain 831, go raibh sé i réim le trí bliana agus gur cloíodh é ag na Cruithnigh ar an "20ú Iúil".[3]

San Cronica Regum Scottorum de chuid na 12ú haoise, deirtear "Alpin filius Eochal venenosi iii, Kynedus filius Alpini primus rex Scottorum xvi…" mar ríthe sa 9ú haois.[4]

Ní deirtear cé hiad tuistí Ailpín sna foinsí níos luaite.

Bás

D'éag Ailpín ar an 20ú Iúil nó Lúnasa 834 nuair nó a maraíodh i mbun catha in éadan na gCruithneach i Gall-Ghàidhealaibh nó a baineadh a cheann de tar éis an chatha.[5] Ní fios cár adhlacadh. Tháinig a mac Chionnaith i gcomharbacht air.[2]

Tagairtí

  1. Alex Woolf, From Pictland to Alba 789-1070 (Edinburgh University Press 2008), ll. 96, 220-1.
  2. Alison Weir, Britain's Royal Families: The Complete Genealogy (Londain, U.K.: The Bodley Head, 1999), lch 165
  3. John of Fordun (Skene), Leabhar IV, II, lch. 135.
  4. Skene (1867), XVI, Chronicle of the Scots 1165, Cronica Regum Scottorum, lch. 131.
  5. Burke's peerage limited (1973). "Burke's guide to the Royal Family". Londain, Burke's Peerage.


This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.