Alexander Pushkin
Scríbhneoir Rúiseach a bhí in Aleksandr Sergeyevich Pushkin (Rúisis: Алекса́ндр Серге́евич Пу́шкин). Rugadh Pushkin i Moscó sa bhliain 1799 agus fuair sé bás sa bhliain 1837. Is eisean file náisiúnta na Rúise.[1][2][3]
Saothar
Chruthaigh Pushkin stíl éasca nádúrtha atá cosúil le caint uasalaicme a linne féin. D'fhéadfá a rá, fiú, gurbh é Pushkin, thar aon duine eile, a chaighdeánaigh an Rúisis liteartha. Chum sé na céadta de dhánta, ach ba iad na laoithe móra eipiciúla - na húrscéalta faoi rím agus rithim - a thuill a chlú dó. Ní raibh an oiread sin ratha ar a chuid próis, áfach.
Chríochnaigh Pushkin úrscéal stairiúil amháin i stíl Walter Scott, Капитанская дочка/Kapitanskaya dochka ("Iníon an Chaptaein"), agus chum sé roinnt gearrscéalta.[4]
Tagairtí
- "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-01. Dáta rochtana: 2010-10-21.
- Kevin (2021-07-12). "Russia's Greatest Poet/scoundrel | Worldandi" (en-US). Dáta rochtana: 2023-07-28.
- "BBC News | From Our Own Correspondent | Pushkin fever sweeps Russia". news.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2023-07-28.
- http://www.pushkinskijdom.ru/Default.aspx?tabid=1241
![]() | Is síol faoin Rúise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.