Alexander Dubček
Ba pholaiteoir agus ceannaire stáit é Alexander Dubček (27 Samhain, 1921 – 7 Samhain, 1992). Le linn an dara cogadh domhanda, throid sé i gcoinne na naitsithe agus na nGearmánach. I Lúnasa na bliana 1944 ghlac sé páirt in Éirí Amach Náisiúnta na Slóvaice, agus gortaíodh é.
Ar feadh tréimhse, sna blianta 1968-1969, bhí sé ina cheannaire ar an tSeicslóvaic. Rinne sé iarracht an Cumannachas a mhaolú agus an Daonlathas a chur i bhfeidhm.
Tugtar 'Earrach Phrág' air seo, ach theip air agus tháinig deireadh le réabhlóid Dubček.

Leac uaighe Dubček.
Tagairtí

Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann le: Alexander Dubček.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.