Aldi
Is sraith ollmhargaí ollmhór dhomhanda é Aldi. Déanann dhá chomhlacht ar leith an tsraith seo: Aldi Nord agus Aldi Süd. Seasann ALDI i gcomhair Albrecht Discount.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | ainm branda siopa lascaine, ollmhargadh sreang ollmhargaí | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1961 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Fochomhlacht | |||||
Le cuid | |||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | aldi.com | ||||
Stair
Bhunaigh Karl agus Theo Albrecht Aldi in Essen, sa Ghearmáin i 1913. De réir a chéile osclaíodh a lán siopaí ar fud na Gearmáine. I 1966 de bharr troid idir Karl agus Theo Albrecht, fós na húinéirí den comhlacht ag an am, roinneadh an comhlacht.
An comhlacht
Aldi Nord
Ciallaíonn Aldi Nord "Aldi Tuaisceart". Glaotar é seo orthu mar is leo na siopaí Aldi go léir i dtuaisceart na Gearmáine. Is leo siopaí Aldi freisin i go leor tíortha eile, An Fhrainc agus An Spáinn ina measc. Tugtar an t-ainm Aldi Markt ar a gcuid siopaí.
Aldi Süd
Ciallaíonn Aldi Süd "Aldi Deisceart". Is leo na siopaí i ndeisceart na Gearmáine. Is leo siopaí Aldi i dtíortha eile freisin, Éireann, An Bhreatain agus Meiriceá ina measc. Úsáidtear an t-ainm Aldi le haghaidh a gcuid siopaí, seachas san Ostair agus sa tSlóváic (sna tíortha sin úsáidtear an t-ainm Hofer).