Albert Camus
Scríbhneoir, fealsamh, úrscéalaí, drámadóir, aistí agus gearrscéalaí Francach ab ea Albert Camus (7 Samhain 1913 i Mondovi san Ailgéir - 4 Eanáir 1960 in Villeblevin na Fraince).
Scríobh sé L'Étranger (1942), La Peste (1947), Le Mythe de Sisyphe (1942) agus La Chute (1956). Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1957.
Rugadh Camus san Ailgéir do thuismitheoirí Pieds Noirs. D’fhás sé aníos i gcomharsanacht bhocht i Mondovi (Dréan an lae inniu). Bhí sé i bPáras le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus chuaigh se i bpáirt le frithbheartaíocht na bhFrancach. Bhí sé ina phríomheagarthóir ar an nuachtán rúnda ‘Combat’. Bhí seasamh neodrach aige ar Chogadh Saoirse na hAilgéire.
Fealsamh éigiallach ab ea Camus. Tá sé curtha síos mar eisíoch, ach dhiúltaigh sé an lipéad sin.
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |