Airgetmar
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Airgeadmhar (Sean-Ghaeilge Airgetmar) mac Síorláimhe.
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Náisiúntacht | Éire |
Muintir | |
Athair | Síorlámh |
Insítear i Leabhar Gabhála na hÉireann[1] gur mharaigh sé Fíachu Tolgrach i mbun comhraic, le linn réim Ailealla Fhionn. Chuir Eochaid mac Ailella, Lughaid mac Eochada Fhiamhuine agus fir na Mumhan ar deoraíocht ámh é. Tháinig sé ar ais go hÉirinn seacht mbliana ina dhiaidh, agus mharaigh sé Ailill le cuidiú Dui Ladrach. Rinneadh Eochaid ina rí, ach mharaigh Airgeadmhar agus Dui eisean ar ball beag ina dhiaidh, agus tháinig Airgeadmhar i gcoróin.
Insíonn Seathrún Céitinn[2] scéal eile faoi theacht i réim Airgeadmhair. Chuir Eochaid é féin i gcoinne Airgeadmhair agus rinne suíochán le Dui. Bhí sé i réim ar feadh seacht mbliana, ach mharaigh Dui go fealltach é i rith cruinniú, agus tháinig Airgeadmhar i gcoróin.
Bhí Airgeadmhar i réim ar feadh tríocha bliain (LGÉ agus ACM[3]), nó fiche trí nó tríocha hocht (FFÉ), sular mharaigh Dui agus Lugaid Laigdech mac Eochada é. Tháinig i gcoróin ansin Dui, a bhí ann mar rannpháirtí ag marú ceathrar Ard- Ríthe.
Achar ama
- Leabhar Gabhála na hÉireann: Artaxerxes III na Peirse (358–338 RC).
- Foras Feasa ar Éirinn: 570–547 RC.
- Annála na gCeithre Máistrí: 778–748 RC.
Tagairtí
- R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 259-261
- Foras Feasa ar Éirinn, 1.27
- Annála na gCeithre Máistrí, M4422-4452
Réamhtheachtaí Eochaid mac Ailella |
Ard-Rí na hÉireann LGÉ 4ú haois RC FFÉ 570–547 RC ACM 778–748 RC |
Comharba Dui Ladgrach |