Airgead (dúil)
Dúil mhiotalach is ea an t-airgead nó an t-airgead geal, agus is í an uimhir adamhach atá aige sa tábla peiriadach ná 47. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 107.880, agus cuirtear in iúl é sna foirmlí ceimiceacha leis an ngiorrúchán Ag, atá bunaithe ar an bhfocal Laidine argentum.
![]() ![]() | |
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus púdar inlasta |
---|---|
Airgead sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Ag |
Uimhir adamhach | 47 |
Mais adamhach | 107.8682 |
Peiriad, Grúpa | peiread 5 Dúil Ghrúpa 11 |
Airíonna fisiceacha | |
Dath | airgead |
Dlús | 10.49 kg/m⁻³ |
Leáphointe | 1,761 |
Fiuchphointe | 3,632 agus 961.78 |
Leictridhiúltacht | 2 |
Ga ianach | 100, 115, 128, 79, 94 agus 75 |
Stair | |
Fionnachtain | 5 mílaois "RCh" |
Eapainm | bán |
![]() |
![](../I/Johnson_Matthey_500_grammes_silver_bullion.jpg.webp)
Suíomh sa tábla peiriadach
![](../I/SilverUSGOV.jpg.webp)
Tá an t-airgead geal ar an dara ceann de na miotail i ngrúpa a 11, in éineacht leis an ór agus leis an gcopar. Ceann de na miotail trasdultacha is ea é, mar sin. Tá sé suite i bpeiriad 5. Mar sin, is í an dúil a thagann roimhe ná an pallaidiam, agus an caidmiam ag teacht sna sálaí aige.
![](../I/1867_3_dollar_silver_edit.jpg.webp)
Tréithe fisiceacha
Miotal, beagnach bán, bog agus lonrach atá ann, ina sheoltóir maith teirmeach is leictreach. Tá an t-airgead geal ar an seoltóir idir leictreach agus teirmeach is fearr atá ann. A leáphointe 961°C.
Is neamhghníomhach ó thaobh ceimice de. Comhdhúilíonn sé le sulfar, rud a theimhlíonn a dhromchla.
![](../I/Silver_acetylide.png.webp)
Ós rud é gur triathmhiotal é, faightear ina aonar é sa nádúr. Faightear saor neamh-chomhcheangailte i mianaigh é, go príomha le luaidhe is copar. Thairis sin, is féidir é a fháil i mianraí ar nós argaintít, arb ionann í agus suilfíd an airgid (I), Ag2S, agus cornairgead nó clórargairít, arb ionann í agus clóiríd an airgid (I), AgCl.
Úsáid
Úsáidtear an miotal seo sa mhonaíocht, seodra, sa ghrianghrafadóireacht, sa leictreonaic, i scátháin fhrithchaiteacha, soithí airgid, agus san fhiaclóireacht. In úsáid freisin sa mhíochaine, dúigh, scátháin, agus go forleathan sa cheimic. An dúil is fearr le sruth leictreach a sheoladh[1].
Tagairtí
- Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
![]() | Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |