Aimridiú
Sa mháinliacht, obráid chun cumas coimpeartha duine a bhaint uaidh nó uaithi. Sa bhfireannach, is é an modh oibre is éasca chuige seo an dá vas deferens (an feadán a iompraíonn an speirm ó na magairlí go dtí an péineas) a scaradh ó chéile sa bhléin, agus tugtar vaiseachtóime ar an obráid seo. Sa bhaineannach, is é an modh oibre a úsáidtear na féadáin útaracha a scaradh ó chéile nó a chur as feidhm. Sa dá chás, cuirtear bac ar chumas na speirme teacht ar na hubháin.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Tagairtí
- Hussey, Matt (2011). "Aimridiú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 23.
Naisc sheachtracha
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.