Aigéad nítreach
Aigéad láidir agus ocsaídeoir láidir é an t-aigéad nítreach a úsáidtear go fairsing forleathan sa tsaotharlann agus sna gléasraí tionsclaíochta ceimiceacha. Substaint dhainséarach atá ann a dhéanann dochar d'fhíocháin an choirp agus a fhágann cneácha doimhne ina diaidh.
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 62.995643 Da |
Tacsón ina n-aimsítear é | |
Ról | substaint phléascach agus aigéad láidir |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | HNO₃ |
SMILES canónta | Model 2D [N+](=O)(O)[O-] |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Dlús | 1.5 g/cm³ (a 77 °C) |
Comhéifeacht athraonta | 1.397 |
PKa | −1.64 |
Pointe leáite | −42 °C |
Fiuchphointe | 83 °C (a 760 Torr) |
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe | −174.1 kJ/mol |
Eantalpacht mólarach de ghalú | 39.1 kJ/mol |
Galbhrú | 48 mmHg (a 20 °C) |
Guais | |
Meánteorainn nochta ualaithe ama | 5 mg/m³ (10 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Short-term exposure limit (en) | 10 mg/m³ (luach ar iarraidh) |
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 64.5 mg/m³ |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () |
Leacht gan dath é an t-aigéad nítreach glan, agus é 1.52 g/cm3 ar dlús. Is é an fiuchphointe atá aige ná 83 °C. Tá sé de chlaonadh san aigéad glan dianscaoileadh (titim as a chéile) go huisce agus ocsaídí nítrigine, go háirithe má fhágtar faoi thionchar an tsolais nó má théitear go fiuchphointe é. De ghnáth, tagann dath buí san aigéad nítreach glan de réir a chéile agus é ag déanamh dé-ocsaíd nítrigine faoi thionchar an tsolais. Bíonn ocsaídí nítrigine ag éirí as an aigéad glan freisin, agus sin é an tuige go dtugtar "múchaigéad nítreach" air uaireanta. Mar sin, bíonn sé níos praiticiúla go minic an t-aigéad nítreach a choinneáil ar stóras mar mheascán aiseotrópach uisce a bhfuil 68 % aigéad nítreach ann. Tugtar aigéad nítreach tiubhaithe ar an aiseotróp seo.
Is féidir aigéad nítreach agus uisce a mheascadh i ngach coibhneas, agus bíonn salainn an aigéid seo - na níotráití - iontach sothuaslagtha san uisce chomh maith. Mar shampla, bíonn na salainn airgid dothuaslagtha san uisce go minic, ach tá an níotráit airgid iontach sothuaslagtha. Ocsaídeoirí láidre iad na níotráití chomh maith leis an aigéad féin, agus mar sin, is féidir ábhar pléasctha (púdar gunna) a dhéanamh trí níotráit, sulfar agus carbón a mheilt agus a mheascadh. Maidir leis an níotráit amóiniam NH4NO3, is ábhar tábhachtach leasacháin (leasú talún) é, ach san am chéanna, is féidir úsáid a bhaint as mar ábhar pléasctha freisin.
Tugtar sailpítir ar na níotráití chomh maith, go háirithe na cinn a úsáidtear mar leasacháin san fheirmeoireacht, ar nós sailpítear na Sile (nó sailpítear Pheiriú), arb ionann é agus an níotráit sóidiam; an sailpítear sa chiall chúng, nó an níotráit photaisiam, agus sailpítear na hIorua, is é sin, an níotráit chailciam.