Aeráid

Is é rud is aeráid ann ná an meán agus an comharthú ar aimsir réigiúin, i rith achair measartha fada.

Meánteocht dromchla bhliantúil ó 1961 go 1990

Is féidir Criosanna aeráide a shainmhíniú i dtéarmaí teochta agus déine báistí chun cur síos a dhéanamh ar a leithéid agus gaineamhlach, Steip na hEoráise, Foraoisí báistí agus oighearchaidhp pholach.

Séard is pailéichlíomeolaíocht ann ná staidéar agus cur síos ar na clíomaí ársa ag baint úsáide as eolas ó fhoinsí neamhbhitheach, cosúil le dríodar ó ghrinneall locha agus croíocháin oighir agus as eolas bitheach cosúil le fáinní crainn agus coiréal .

Is samhlacha matamaiticiúla d'aeráid na sean-aimsire, na linne seo agus na todhchaígh iad samhlacha aeráide agus is féidir úsáid a bhaint astu chun patrúin na nathruithe go ceann i bhfad a réamh-mheas.

Criosanna

Aicmiú Köppen

Is é aicmiú aeráide Köppen ceann de na haicmí aeráide is forleithne a bhaintear úsáid as. B'é an t-aeráideolaí Gearmánach Wladimir Köppen a d'fhorbair é ar dtús, timpeall na bliana 1900 (mhionathraigh Köppen é arís i 1918 agus i 1936 ). Tá sé bunaithe ar an choincheap gurb é an fásra dúchasach an léiriú is fearr den aeráid; mar sin, tograítear ciumhaiseanna chriosanna aeráide leis an bhfásra i gceist. Comhcheanglaíonn sé an mheánteocht bhliantúil agus mhíosúil agus déine báistí.

An tOireas

Féach freisin

Tagairtí

    Naisc sheachtracha

    This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.