Adamhachas
Coincheap is ea an tAdamhachas a bhí ann chomh fada siar leis an 5ú céad RC, a bhain leis na heolaithe is fealsaimh Ghréagacha Deamócratas is Leocapas, a thairg go bhfuil gach damhna comhdhéanta as cáithníní doroinnte agus gur gá a n-airíonna a mhíniú i dtéarmaí na gcáithníní sin is a n-airíonna siúd.
Stair
Baineadh an chéad úsáid as an téarma dúil (stoicheia) thart ar 360 RC. Ba é an fealsamh Gréagach Platón a luaigh é ina agallamh beirte Timaeus, ar tráchtas bunúsach é ar an gceimic agus ar an bpáirt atá aici i gcomhdhéanamh na neachanna beo agus na gcorpán neamhbheo. Shíl Plato go raibh cruth speisialta ar na cáithníní is lú a bhí i ngach dúil: teitrihéadrán (tine), ochtaihéadrán (aer), icisihéadrán (uisce), agus ciúb (cré).[1]
Teitrihéadrán (tine) | Ochtaihéadrán (aer) | Icisihéadrán (uisce) | Ciúb (cré) |
Chuir Locke, Boyle is Gassendi fealsúnacht choirpíneach, cosúil leis an seanadamhachas, chun cinn sa 17ú céad.
D'fhorbair fisic nua-aoiseach na gcáithníní ó bhunús eile, bunús turgnamhach fisiciúil.[2]
Tagairtí
- "The Problem of the Soul in Aristotle's De anima" (2004). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2006-09-09. Dáta rochtana: 2019-07-27.
- Hussey, Matt (2011). "Adamhachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 10.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |