Óglaigh na hÉireann (1919-1922)
Eagraíocht mhíleata Éireannach ab ea Óglaigh na hÉireann, a bhí gníomhach idir na blianta 1919 agus 1922. D'fhás sé amach as grúpa eile leis an ainm céanna, Óglaigh na hÉireann, an eagraíocht a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Nuair a d'fhógair Dáil Éireann an phoblacht nua sa bhliain 1919, haithníodh na hÓglaigh mar arm oifigiúil na tíre. Chaith siad na blianta idir 1919 agus 1922 ag troid i gcoinne Rialtas na Breataine i gCogadh na Saoirse, go dtí gur síníodh an Conradh Angla-Éireannach.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht mhíleata paraimíleatach |
Foirm dlí | |
Scartha ó | Óglaigh na hÉireann |
Dáta a bunaíodh | 1919 |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1922 |
Rud nó duine a tháinig ina áit | Óglaigh na hÉireann |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Mícheál Ó Coileáin Risteárd Ó Maolchatha Cathal Brugha |
- Féach freisin: Óglaigh na hÉireann (idirdhealú)
Bhí scoilt san eagraíocht maidir le tacú an chonartha, agus throid an dá thaobh in aghaidh a chéile i gCogadh Cathartha na hÉireann. D'fhan taobh amháin dílis don Saorstát mar arm oifigiúil, ag cur cogadh ar na frith-chonraitheoirí, an tIRA neamhoifigiúil, a mhairfeadh i bhfoirm éigin go dtí an lá inniu.
Tagairtí
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |