Óengus Olmucaid
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Aonghas Ollmhuicí (Sean-Ghaeilge Óengus Olmucaid) mac Fiacha Labhrainne.
Cineál | duine ![]() |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann ![]() |
Slí bheatha | rí ![]() |
Muintir | |
Athair | Fiacha Labhrainne ![]() |
Leanaí | Maen ![]() |
Le linn ríocht a athar, chloígh sé Alba. Tháinig sé i gcoróin tar éis dó an t-iar-ard-rí Eochaid Mumu a mharú, a mharaigh féin athair Aonghasa aon bhliain is fiche roimhe sin. Chuaigh sé i gcomhrac go minic in éadan na gCruithne, na bhFear Boilg, na bhFomhórach, dream eile na hÉireann, in éadan treibheanna na nInse Orc, agus na Lombardach fiú.
Mharaigh Énna Airgdech mac Eochada Mumhan, sa Chath Charmain, ag leanúint den fhíoch bunaidh idir muintir Éireamhóin agus muintir Éibhir Fhionn.
Achar ama
- Leabhar Gabhála na hÉireann: [1]
- Foras Feasa ar Éirinn: 1050–1032 RC.[2]
- Annála na gCeithre Máistrí: 1428–1410 RC.[3]
Tagairtí
- R. A. Stewart Macalister (ed. & trans.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 219-229
- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, (1.25-26)
- Annála na gCeithre Máistrí M3772 - 3791
Réamhtheachtaí Eochaid Mumu |
Ard-Rí na hÉireann ACM 1428–1410 RC FFÉ 1050–1032 RC |
Comharba Énna Airgdech |
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.