Í Cholm Cille
Oileán de chuid na nOileán Istigh in Inse Ghall, Earra-Ghàidheal agus Bòd, na hAlban is ea Í Cholm Cille nó Oileán Í (Gaeilge na hAlban: Ì Chaluim Chille).
(en) Iona | |||||
Cineál | Oileán | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Na hOileáin Laistigh | ||||
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Na hOileáin Laistigh | ||||
Suíomh | |||||
Limistéar riaracháin | Earra-Ghàidheal agus Bòd, Scotland agus Kilfinichen and Kilvickeon, Scotland (en) | ||||
| |||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir Inse Ghall | ||||
Tréithe | |||||
Achar | 877 ha | ||||
Tá áit faoi leith aige i stair na Críostaíochta in Albain agus tá clú air toisc go bhfuil suaimhneas agus áilleacht nádúrtha ag baint leis.
Sanasaíocht
Bhí Inse Ghall faoi fhorghabháil ag cainteoirí ag a raibh ar a laghad ceithre theanga acu. Mar thoradh ar seo, tá níos mó ná brí amháin ag roinnt mhaith d'ainmneacha an oileáin.
Mar sin féin, más ann, is beagán díobh a bhailigh an méid ainmneacha éagsúla thar na céadta bliain mar an oileán ar a dtugtar i Béarla "Iona". Thug na foirmeacha is luaithe d'ainm an oileáin deis don scoláire logainm William J Watson a thaispeáint go raibh i gceist leis an ainm, ar dtús, ná rud éigin cosúil le "Iúr-áit." An ghné Ivo-, ag sainchiallú "Iúr", tarlaíonn sí i scríbhinn Ogham (Iva-cattos [ginideach], Iva-geni [ginideach]) agus i n-ainmneacha Gallach (Ivo-rix, Ivo-magus) agus d'fhéadfadh gurb é a bhí mar bhun do na luath-ainmneacha Gaeilge, mar Eogan (Ogham: Ivo-genos). [5] Is féidir go bhfuil baint ag an ainm leis an duine miotaseolaíoch, Fer hÍ mac Eogabail, mac altrama Mhanannán mac Lir, an réamhainm leis an mbrí "fear an Iúir." .
Sa bhliain 563 tháinig bád i dtír ar Oileán Í. istigh sa churach bhí imircigh ó Éirinn - manaigh a bhí ann agus ina measc bhí duine a bhíodh an-tábhachtach ag baint leis i stair na Breataine ná aon duine eile a bhí beo sna Meánaoiseanna.