Édith Piaf
Amhránaí mór le rá de chuid na Fraince ab ea Édith Piaf, nó an Gealbhan Beag mar a thugtaí uirthi (19 Nollaig 1915 - 11 Deireadh Fómhair 1963), duine de na hoirfidigh is breátha sa 20ú haois. Bhí cáilíocht choscrach ag baint lena glór cinn a chuirfeadh na clocha ag caoineadh.[1]

Tá meas iontach aige ar a cuid amhránaíochta i gcónaí. Maireann sé i gcónaí mar íocón cultúrtha Francach. I measc na móramhrán uaithi bhí ‘La Vie en Rose’ agus ‘Non, je ne regrette rien.’

Saol
Saol corrach a bhí aici – deirtear gur rugadh ar chosán í. Rugadh í faoin ainm Édith Giovanna Gassion ar an 19 Nollaig 1915 san ospidéal Tenon i bPáras.[2]
Aithnítear go forleathan go raibh gnaoi na ndaoine ar Piaf, an t-amhránaí ba mhó a bhí sa Fhrainc sa 20ú haois (le Jacques Brel agus Charles Aznavour b'fhéidir).
Bhásaigh sí ar 11 Deireadh Fómhair 1963. Ba alcólach déanta í agus fuair sí bás den ailse ae, in aois 47 bliain di.

Amhráin
Bailéid den chuid ba mhó a chas sí. I measc a cuid amhrán, tá "La vie en rose" (1946), "Hymne à l'amour" (1949), "Milord" (1959), "Non, je ne regrette rien" (1960),[3] "l'Accordéoniste" (1941), "Padam...Padam", agus "La Foule".
Gaeilge
Aistríodh cuid de shaothar Piaf go Gaeilge mar chuid d’imeachtaí na féile litríochta IMRAM. Bhí an file Liam Ó Muirthile, nach maireann, lárnach san obair sin. Casann an t-amhránaí Hilary Bow a chid amhrán.[4]

Féach freisin
- Jacques Brel
- Charles Aznavour
Tagairtí
- imram.ie (2011). "Clár 2011". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-11. Dáta rochtana: 2021.
- "Édith Piaf" (as fr) (2021-09-14). Wikipédia.
- "Edith Piaf - Non, je ne regrette rien" (as en) .
- Sinéad Ní Uallacháin. "Caint faoin ‘Gaelophobia’ agus imeachtaí eile" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2021-10-11.