Éadbhard II Shasana
Bhí Éadbhard II (25 Aibreán 1284 – 21 Meán Fómhair 1327, ar a dtugtar Éadbhard Chaernarfon freisin, ina Rí ar Shasana ó 1307 go dtí gur bhrisradh as oifig é in Eanáir 1327. An ceathrú mac ag Éadbhard I, rinneadh Éadbhard ina oidhre ar an ríchathaoir tar éis bhás a dhearthár níos sine Alphonso. Ag tosú sa bhliain 1300, bhí Éadbhard in éineacht lena athair ar fheachtais míleata chun Albain a cheansú, agus sa bhliain 1307 rinneadh ridire de i searmanas mór ag Mainistir Westminster. Tháinig Éadbhard i gcomharbacht ar an ríchathaoir níos déanaí an bhliain sin, tar éis bhás a athar. Sa bhliain 1308, phós sé Isabella na Fraince, iníon leis an Rí cumhachtach Pilib IV (Philippe le Bel), mar chuid d'iarracht fadtréimhseach chun an teannas idir corónacha Shasana agus na Fraince a réiteach.
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Edward II |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 25 Aibreán 1284 Caisleán Caernarfon, Wales |
Bás | 21 Meán Fómhair 1327 43 bliana d'aois Caisleán Berkeley, England |
Siocair bháis | Dúnmharú |
Áit adhlactha | Ardeaglais Gloucester |
Monarc Ríocht Shasana | |
7 Iúil 1307 – 25 Eanáir 1327 ← Éadbhard I Shasana – Éadbhard III Shasana → | |
Tiarna Éireann | |
7 Iúil 1307 – 25 Eanáir 1327 | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Chríostaíocht |
Gníomhaíocht | |
Gairm | uasal, monarc |
Teangacha | Béarla |
Eile | |
Teideal uasal | Diúc |
Teaghlach | Teaghlach na bPlantaigíneach |
Céile | Isabella na Fraince |
Páiste | Éadbhard III Shasana, Joan an Túir, Eleanor Woodstock, John Eltham, Iarla Chorn na Breataine, Adam FitzRoy, leanbh a saolaíodh lasmuigh de chuing an phósta |
Athair | Éadbhard I Shasana agus Eleanor na Caistíle |
Siblín | Elizabeth of Rhuddlan, Mary Woodstock, Margaret Shasana, Anraí Shasana, Thomas Brotherton, Céad Iarla Norfolk, Alphonso, Iarla Chester, Edmund Woodstock, Céad Iarla Kent, Joan Acre agus Eleanor Shasana, Cuntaois Bar |
Tharraing sé achrann go minic, mar nach mbíodh sé ag tabhairt airde ar mhianta agus ar thoil na n-uaisle agus dúnmharaíodh é ar deireadh. Tháinig a mhac, Éadbhard III, i gcomharbacht air.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |