Áireamhán
Is gléas meicniúil nó meaisín é áireamhán, cumhacht-thiomáinte ar shlí éigin, a úsáidtear chun freagra a fháil go tapa ar ríomhaireacht chasta mhatamaiticiúil, agus chun raon oibríochtaí uimhriúla a dhéanamh go huathoibríoch (figiúirí a shuimiú, a roinnt, a iolrú agus a dhealú, nó fiú le fréamh chearnach a bhaint as uimhir nó le luachanna a áireamh do na feidhmeanna triantánacha).[1]
![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Le cuid | |
push-button (en) ![]() ciorcad iomlánaithe cadhnra alcaileach aonad amharcthaispeána ![]() |
Stair
Bhí meaisíní luatha ag Pascal (1647) is Leibnitz, agus tháinig meaisíní meicniúla is leictreacha chun cinn go luath sa 20ú céad.[2] Ansin le forbairtí sa leictreonaic ó na 1960idí, táirgeadh áireamháin níos lú agus níos cumasaí ná riamh, i bhfoirmeacha deisce is láimhe.
![](../I/Mechanical-calculator-Brunsviga-15-01.jpg.webp)
Tréithe
Déanann áireamháin na hoibríochtaí uimhriúla uile-suimiú, dealú, iolrú is roinnt-an-chuid oibríochtaí coitianta eile cosúil le ceamú, ciúbú, fréamhacha, céatadáin, logartaim, feidhmeanna staitistiúla is triantánacha, agus léiríonn torthaí ar léiriú leachtchriostail.
![](../I/Heathkit_IC-2008A_Desktop_Calculator.jpg.webp)
Tá cuid mhaith ann freisin ar ríomhairí beaga iad le cuimhne is áis chun cláir áirithe a insealbhú iontu agus torthaí a sholáthar do phrintéir nó scáileán.
Sa lá atá inniu ann, is minic a bhíonn ríomhaire beag leabaithe san áireamhán, agus é ríomhchláraithe le tascanna speisialta a chur i gcrích go héifeachtúil.
Mar shampla, tá áireamháin ghrafaice ann agus iad dírithe ar ghrafanna a tharraingt d'fheidhmeanna matamaiticiúla - na feidhmeanna triantánacha (an síneas, an comhshíneas, an tangant) mar shampla, nó feidhmeanna staitistiúla.
Féach freisin
Tagairtí
- ""áireamhán"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-04-26.
- "Fréamh an Eolais Ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta Matt Hussey". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2020-04-26.