Áine
Ba bhandia Gaelach an fhlaithis, ghrá, tsaibhris agus tsamhraidh í Áine. Maítear mar Chinn Óir í ag cuid mhaith de chlanna Éireannacha.
Cineál | bandia carachtar i miotaseolaíocht na nGael |
---|---|
Dáta | |
Inscne | baineann |
Muintir | |
Athair | Daghdha |
Tá baint aici leis an ngrian[1] agus lár an tsamhraidh, agus léirítear uaireanta í mar láir dhearg. Mar bhandia an fhlaithis, féadann sí cumhacht an rí agus a bhronnadh agus a thógáil.[2]
Iníon Egobail (mac altrama Mhanannán mac Lir) atá inti, agus deirfiúr Aillen (ball de Tuatha Dé Danann a bhí maraithe ag Fionn mac Cumhaill).
Tá baint láidir ag Áine le Contae Luimnigh. Tá Cnoc Áine[3] ainmnithe in ómós di, agus adhradh ann í le deasghnátha tine agus beannú na talún, chomh gairid is 1879.[2] Cuimhnítear í sa cheantar seo mar Bhanríon na Sióg. Tá gaol aici chomh maith le háiteanna amhail is Tobar Áine, Contae Thír Eoghain;[4] Dún Áine,[5] Contae Lú; Lios Áine, Contae Dhoire; agus Cnoc Áine gar do Theileann,[6] Contae Dhún na nGall.
Seanscéalta
I luathscéalta, faightear í i dteannta le Rí leathmhiotasach na Mumhan, Ailill Aulom. Deirtear gur éithigh sé í, ach gur bhain sí a chluas ag deireadh an fhogha, agus dá bharr a bhua-ainm, Aulom[7]. De réir an dlí SeanGhaelaigh, níorbh fhéidir ach duine "gan smál" bheith i gceannas. Mar gheall air an gcithréim seo a d fhág Áine air, bhí sé neamhinniúil bheith ina rí. Maíonn sleachta Ailealla, na hEóganachta, gurb í Áine a sinsear.[8]
I scéalta eile, is bean chéile Ghearóid Mhic Ghearailt, 3ú hIarla Dheas-Mhumhan í Áine. In ionad pósta chomhthoiliúil, d'éithigh sé í (bunaithe ar scéal Ailealla is léir), agus bhain sí díoltas amach á iompú ina ghé, nó á mharú, nó an dá rud.[1] Maíonn an chlann Mhic Ghearailt go bhfuil nasc acu le hÁine; in ainneoin a mbunús Normannach, d'aithneofaí an chlann úd a bheith "Níos Gaelaí ná na Gaeil féin."
I leagan eile fós dá scéal, bean chéile nó iníon Mhanannán mhic Lir an ea í. Ceiliúradh Oíche Fhéile Eoin ina honóir.[9] I gContae Luimnigh, cuimhnítear í ar na mallaibh mar Bhanríon na Sidhe.
Bandéithe gaolmhara
Deirtear scaití i ndearmad gurb ionann Áine agus Danu, óir go bhfuil breac-chosúlacht idir a hainm agus Anu.[1]
D'fhéadfadh é go bhfuil "Áine", a bhfuil cáil aici mar an sidhe is cumhachtaí na nUladh, leagan den phearsa chéanna.[10]
Creidtear gurb í Grian, bandia, nó deirfiúr Áine, léiriú eile d'Áine, nó fiú "Macha i mbréagriocht".[11] B'fhéidir é go raibh ról séasúrach déach-bandé ag an mbeirt acu, (amhail is Cailleach agus Brigit), ag léiriú "dhá ghrian na bliana": Áine an ghrian mhór, agus Grian an ghrian bheag.[11]
Foinsí
- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a eagrán athbhreithnithe, 2001.
- Ellis, Peter Berresford, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, (1994): ISBN 0-19-508961-8
- MacKillop, James. Dictionary of Celtic Mythology. Oxford: Oxford University Press, 1998. ISBN 0-19-280120-1.
- O hÓgáin, Dáithí "Myth, Legend and Romance: An Encyclopedia of the Irish Folk Tradition", Prentice Hall Press, (1991) : ISBN 0-13-275959-4 (an chéad foclóir amháin le fáil le tagairtí ar gach iontráil)
- Wood, Juliette, The Celts: Life, Myth, and Art, Thorsons Publishers (2002): ISBN 0-00-764059-5
Tagairtí
- MacKillop, James (1998) Dictionary of Celtic Mythology Oxford: Oxford University Press ISBN 0-19-280120-1 ll. 10, 16, 128
- Meehan, Cary, Cnoc Áine, Contae Luimnigh, ar themodernantiquarian.com
- Cnoc Áine ar logainm.ie
- "Ainm Index - Water Names: "T"". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-09. Dáta rochtana: 2019-08-06.
- Dún Áine ar logainm.ie
- Teileann ar logainm.ie
- au, lomm ar eDIL
- Byrne, Francis John (2001) Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2nd revised edition
- "June 23rd: Midsummer Irish Style".
- Charles Squire. Celtic Myth and Legend. The Gaelic Gods: Chapter XV. the Decline and Fall of the Gods, lch. 245.
- MacKillop (1998) ll. 10, 70, 92