Áengus mac Umor
I miotaseolaíocht na nGael, rí Éireann na bhFear Bolg i gcúige Chonnacht ba ea Aonghas mac Úmhór (Sean-Ghaeilge Áengus mac Umor).
Chuir na Gaeil an ruaig ar mhuintir Aonghasa, agus chuaigh sé i gceannas leo go dtí Cuan na Gaillimhe agus Oileáin Árann.[1] De réir seanchais, thóg sé Dún Aonghasa ar Inis Mór, atá fós ainmnithe as. Meastar ag scoláirí gur tharla na heachtraí seo sa 2a haois RC.[2]
Lonnaigh Conall Caol mac Aonghasa agus a mhuintir i ríocht Aidhne.
Féach freisin
Foinsí
- Early Irish History and Mythology, T.F. O'Rahilly, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946 (athchló 2003)
- Irish Kings and High-Kings, Francis John Byrne, Baile Átha Cliath (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Leabhar Genealach. The Great Book of Irish Genealogies, Dubhaltach Mac Firbhisigh (eag. Nollaig Ó Muraíle), Baile Átha Cliath, De Burca, 2003–2004
- The Tribes and Customs of Hy-Many ar Corpus of Electronic Texts
Tagairtí
- Dubhaltach Mac Firbhisigh, Leabhar na nGinealach
- T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology
This article is issued from Wikipedia. The text is licensed under Creative Commons - Attribution - Sharealike. Additional terms may apply for the media files.